20220527_IRISH_ruisigh_ag_breith_bua_ar_chosantoiri_in_oirthear_na_hucraine



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2lnr9cek
Contact: irishlingos@gmail.com

“Russians defeat defenders in eastern Ukraine”.

“Rúisigh ag breith bua ar chosantóirí in oirthear na hÚcráine”.

It is reported that Russian troops have not trapped Ukrainian defense forces near two strategic cities in eastern Ukraine today but that the invaders have finally been routed, yet not at all.

Tuairiscítear gur dhóbair nár sháinnigh saighdiúirí Rúiseacha fórsaí cosanta Úcránacha in aice le dhá chathair straitéiseacha in oirthear na hÚcráine inniu ach gur cuireadh an ruaig ar na hionróirí ar deireadh, go fóill ar aon chor.

The Russians apparently carried out a tripartite attack on the Ukrainians and for a time seized possession of plots of land along the motorway that passes through the cities of Sievierodonetsk and Lysychansk.

De réir dealraimh, rinne na Rúisigh ionsaí tríbheannach ar na hÚcránaigh agus ghabh siad seilbh ar feadh scaithimh ar gheadáin talún taobh leis an mótarbhealach a théann trí chathracha Sievierodonetsk agus Lysychansk.

If the Russians ran away and took possession of those two cities, they would control most of the Luhansk area.

Dá rithfeadh leis na Rúisigh agus dá ngabhfaidís seilbh ar an dá chathair sin, bheadh bunáite limistéar Luhansk faoina smacht acu.

If it’s true for General Oleksiy Gromov of the Ukrainian Army, only a small company of Russians – about fifty soldiers – managed to get as far as the motorway.

Más fíor don Ghinearál Oleksiy Gromov ó Arm na hÚcráine, níor éirigh ach le complacht beag Rúiseach – thart ar leathchéad saighdiúir – dul chomh fada leis an mótarbhealach.

Although they set up a checkpoint on the road, he said, they were not long there as they fled before the defenders.

Cé gur bhunaigh siad pointe seiceála ar an mbóthar, a dúirt sé, níorbh fhada ann iad mar gur theith siad roimh na cosantóirí.

He acknowledged, however, that the Russians have always had the upper hand in the area and have been firing artillery at places along the motorway since their flight.

D’admhaigh sé, áfach, go bhfuil an lámh in uachtar ag na Rúisigh sa cheantar i gcónaí agus go bhfuil siad ag scaoileadh airtléire le háiteanna feadh an mhótarbhealaigh ó theith siad.

He did indeed suggest that Ukrainian soldiers could withdraw further, saying that a good run was better than a bad stand.

Thug sé leid go deimhin go bhféadfadh saighdiúirí Úcránacha tarraingt siar tuilleadh, á rá gurbh fhearr rith maith ná drochsheasamh.

Reuters reporters also reported today that Ukrainian forces have fled the Svitlodarsk town of Donetsk Oblast and are now occupied by a group loyal to Russia.

Thuairiscigh nuachtóirí Reuters inniu chomh maith gur theith fórsaí Úcránacha as baile Svitlodarsk in Oblast Donetsk agus go bhfuil an áit ina seilbh anois ag dream atá dílis don Rúis.

All of this is in line with Western countries’ understanding of the intentions of the Russians since their failure at the beginning of the war to seize Kiev and decapitate the Ukrainian government.

Tagann sé seo ar fad leis an tuiscint atá ag tíortha an Iarthair ar a bhfuil ar intinn ag na Rúisigh ó chlis orthu i dtús an chogaidh seilbh a ghabháil ar Chív agus Rialtas na hÚcráine a dhícheannadh.

The domination of the Donbass region has been the biggest concern for the Russians since then and, despite Ukrainian counter – attacks, it seems that they will not stop or live or achieve that goal.

Forlámhas a ghlacadh ar réigiún an Donbass is mó is cás leis na Rúisigh ó shin agus, ainneoin fhrithionsaithe na nÚcránach, dealraíonn sé nach ndéanfaidh siad stad mara ná cónaí nó go mbainfidh siad an cuspóir sin amach.

Leave a Reply