20220522_IRISH_nil_cead_ag_an_dup_an_proiseas_daonlathach_a_chosc_-_an_taoiseach



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yyljq2px
Contact: irishlingos@gmail.com

The DUP is not allowed to block the democratic process – An Taoiseach.

Níl cead ag an DUP an próiseas daonlathach a chosc – An Taoiseach.

The Taoiseach, Micheál Martin, visited Belfast today where he had meetings with politicians and business leaders in an attempt to overcome Stormont ‘s hedge.

Thug an Taoiseach, Micheál Martin ar chuairt ar Bhéal Feirste inniu mar a raibh cruinnithe aige le polaiteoirí agus ceannairí gnó in iarracht fál go haer Stormont a shárú.

He said the DUP should not be allowed to suppress democracy in the North He met with the leaders of the political parties, a week after the assembly election and subsequently welcomed a delegation of business leaders.

Dúirt sé nár cóir go mbeadh cead ag an DUP cosc a chur ar an ndaonlathas ó Thuaidh Bhuail sé le ceannairí na bpáirtithe polaitíochta, seachtain i ndiaidh toghchán an chomhthionóil agus chuir sé sé fáilte ina dhiaidh sin, roimh thoscaireacht de cheannairí gnó.

The DUP has refused to work in the Assembly until their grievances under the Northern Ireland Protocol are relaxed.

Tá diúltaithe ag an DUP dul i mbun oibre sa Chomhthionól go dtí go maolaítear ar a ngearáin faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann.

Following his meeting with the DUP leader, Jeffrey Donaldson said that they had a “convenient” meeting and were explicitly told what was needed to rectify their complaints about the Protocol.

i ndiaidh a chruinniú le ceannaire an DUP, dúirt Jeffrey Donaldson, go raibh cruinniú “áisiúil” acu agus go ndúradh go neamhbhalbh cad a bhí de dhíth lena ngearáin faoin Prótacal a chur ina cheart.

Earlier in the week, British Foreign Secretary Liz Truss said she was to legislate in the Westminster Parliament, which will take over the Protocol in the coming weeks if it cannot reach a compromise with the European Union.

Bhí sé ráite ag Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Liz Truss níos luaithe sa tseachtain, go bhfuil sí le reachtaíocht a chumadh i bParlaimint Westminster, a ghlacfaidh forlámhas ar an Phrótacal sna seachtainí amach anseo munar féidir leí teacht ar chomhréiteach leis an Aontas Eorpach.

The European Union is strongly opposed to such a threat – and the President of the Commission, Ursula Von der Leyen, informed the Taoiseach yesterday.

Tá an tAontas Eorpach ag cur go láidir i gcoinne a leithéid de bhagairt – agus chuir Uachtarán an Choimisiúin, Ursula Von der Leyen é sin in iúl don Taoiseach inné.

She went on to say that Ireland and the EU were on the same page and that an international agreement could not be unilaterally undermined.

Lean sí le rá go raibh Éire agus an AE ar an leathanach céanna agus nach bhféadfaí comhaontú idirnáisiúnta a chur ó mhaith go h-aontaobhach.

“Britain must work with us to find compromises that work for all,” she said.

“Caithfidh an Bhreatain oibriú linn, le teacht ar chomhréitigh a oibreoidh do chách” a dúirt sí.

Speaking to BBC Ulster radio this morning, the Taoiseach said that there was no choice but for Britain and the EU to engage in talks on a professional, serious basis in order to resolve the Protocol ‘s gap.

Ag labhairt dó le raidió BBC Uladh ar maidin, dúirt an Taoiseach nach bhfuil de rogha ach go dtabharfadh an Bhreatain agus an AE faoi chainteanna ar bhonn ghairmiúil, dháiríre d’fhonn fál go haer an Phrótacail a réiteach.

He also said that the location of the poles in question in the Protocol is constantly changing and it is not known where the solution to the problems is.

Dúirt sé freisin go bhfuil láthair na gcuaillí i gceist an Phrótacail ag síorathrú agus nach bhfuil ‘fhios cá bhfuil réiteach na bhfadhbanna.

He said Liz Truss’ s speech this week shows that the range of difficulties is widening.

Dúirt sé go leiríonn óráid Liz Truss an tseachtain seo go bhfuil raon na ndeacrachtaí ag dul i dtreis.

He said that he had repeatedly stated that the European Union had the will and the will to move forward, and that the opposite was not true.

Dúirt sé go bhfuil sé ráite arís agus aríst eile go bhfuil toil agus fonn bogadh ar aghaidh ag an Aontas Eorpach, agus nach bhfuil sé fíor a mhalairt a chur ina leith.

The Speaker of the House of Representatives Washington Nancy Pelosi last night encouraged the Taoiseach as he met with Northern politicians.

Thug a ndúirt Spéicéir Theach na nIonadaithe, Washington Nancy Pelosi aréir ugach don Taoiseach agus é ag bualadh le polaiteoirí an Tuaiscirt.

Pelosi said that the United States will not accept any attempt to unilaterally overthrow the Northern Ireland Protocol.

Dúirt Pelosi nach nglacfaidh na Stáit Aontaithe le haon iarrachtaí Prótacal Thuaiscerat Éireann a chur ó mhaith go haontaobhach.

The Taoiseach, Micheál Martin, visited Belfast today where he had meetings with politicians and business leaders in an attempt to overcome Stormont ‘s hedge.

Thug an Taoiseach, Micheál Martin cuairt ar Bhéal Feirste inniu mar a raibh cruinnithe aige le polaiteoirí agus ceannairí gnó in iarracht fál go haer Stormont a shárú.

He said the DUP should not be allowed to block Northern democracy Jeffrey Donaldson, the DUP leader on his way in at a meeting with the Taoiseach

Dúirt se nár cóir go mbeadh cead ag an DUP cosc a chur ar an ndaonlathas ó Thuaidh Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP ar a bhealach isteach ag cruinniú leis an Taoiseach

Leave a Reply