20220502_IRISH_ruisigh_ag_diriu_go_laidir_is_cosuil_ar_oirthear_na_hucraine



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y4nllbsz
Contact: irishlingos@gmail.com

Russians seem to be strongly targeting eastern Ukraine.

Rúisigh ag díriú go láidir is cosúil ar oirthear na hÚcráine.

According to the Ministry of Defense of Ukraine, Russia is now to intensify its campaign in eastern Ukraine.

De réir Aireacht Chosanta na hÚcráine, tá an Rúis anois chun géarú ar a feachtas in oirthear na hÚcráine.

A spokesman for the ministry, Alexander Motuzyanik, says Ukraine is currently defending itself strongly.

Deir urlabhraí leis an aireacht, Alexander Motuzyanik, go bhfuil an Úcráin á cosaint féin go láidir ansin faoi láthair.

It is reported that people are gradually being evacuated from the city of Mariupol, an area that has seen intense fighting for some time and the Russians are desperately trying to take full possession of it.

Tuairiscítear go bhfuil daoine á n-aslonnú de réir a chéile as cathair Mariupol, ceantar a bhfuil dianchogaíocht feicthe aige le tamall agus na Rúisigh ar a ndícheall ag iarraidh seilbh iomlán a ghlacadh air.

It is said that 100 people were allowed to leave a factory where they had been for some time with Ukrainian soldiers.

Deirtear gur tugadh cead do 100 duine monarcha ina raibh siad ann le tamall i dteannta shaighdiúirí Úcránacha a fhágáil.

It is understood that many of these children are among them and are now heading towards the city of Zaporizhzhia which is about 225Km to the northwest.

Tuigtear go bhfuil cuid mhór páistí ina measc sin agus go bhfuil siad anois ag dul i dtreo chathair Zaporizhzhia atá thart air 225Km i dtreo an iarthuaiscirt.

Several other civilians remain in that steel factory in Azovstal, now a former center of the former Soviet regime.

Tá roinnt sibhialtach eile fós fanta sa mhonarcha cruaigh sin i Azovstal, sean-ionad anois ón iar-réamas Sóivéadach.

The United Nations and the Red Cross are desperately trying to make a deal with the Russians so that the other civilians in the factory can be brought out safely.

Tá na Náisiúin Aontaithe agus Cumann na Croise Deirge ar a ndícheall ag iarraidh margadh a dhéanamh leis na Rúísigh le gur féidir na sibhialtaigh eile sa mhonarcha a thabhairt amach slán sábháilte.

There is a ceasefire of some kind in Mariupol at the moment but ‘Ukrainian troops are not subject to the surrender of this city’ they say.

Tá sos comhraic de chineál éigin i Mariupol faoi láthair ach ‘níl trupaí Úcránacha faoi réir leis an gcathair seo a ghéilleadh’ a deir siad féin.

Russia is carrying out strong attacks in some parts of Ukraine, more severe in the east but parts of the west are not cheap either and Odessa on the Black Sea coast is a good example of this.

Tá tréan-ionsaithe á ndéanamh ag an Rúis i gceantair áirithe san Úcráin, níos déine san oirthear ach níl áiteanna san iarthar saor ach oiread agus sampla maith dhe sin is ea Odessa ar chósta na Mara Duibhe.

Odessa governor Maxim Marchenko says a Russian missile destroyed the runway at the airport there; Russians want to dismantle infrastructure and supply lines in the west of the country.

Deir gobharnóir Odessa,Maxim Marchenko gur scrios diúracán Rúiseach an rúidbhealach ag an aerfort ansin; na Rúisigh ag iarraidh infrastruchtúir agus línte soláthair a chur ó mhaith in iarthar na tíre.

No one was killed in the attack on the airport, but it can no longer be used.

Níor maraíodh aon duine san ionsaí ar an aerfort, ach ní féidir é úsáid anois.

Ukrainian President Volodymyr Zelensky vowed to rebuild the runway.

Mhóidigh Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky go dtógfaí an rúidbhealach arís.

‘Odessa will never forget Russia’ s behavior towards him, ‘he said last night in a speech to a video link.

‘Ní dhéanfaidh Odessa dearmad go brách ar iompar na Rúise ina leith’ a dúirt sé aréir in aitheasc a thug sé ar nasc físe.

In Kiev, President Zelinsky met with Nancy Pelosi, Chief Speaker of the American House of Representatives.

I Cív, bhuail an tUachtarán Zelinsky le Nancy Pelosi, an Príomh-Urlabhraí le Teach na nIonadaithe i Meiriceá.

She told him that America would stand by Ukraine and continue its military and financial assistance.

Dúirt sise leis go mbeadh Meiriceá ag seasamh leis an Úcráin agus ag leanadh leis an gcúnamh míleata agus airgid.

She is still the most senior American politician to visit Ukraine since Russia invaded the country on February 24th.

Is í an polaiteoir is sinsearaí i Meiriceá fós í le cuairt a thabhairt ar an Úcráin ó thug an Rúis ionradh faoin tír ar an 24Feabhra.

In eastern and southern Ukraine, the attacks are most intense, although the Russians are firing missiles at every region in the country.

Is in oirthear agus i ndeisceart na hÚcráine faoi láthair is déine atá na hionsaithe, cé go bhfuil na Rúisigh ag caitheamh diúracáin le chuile réigiún sa tír.

The Russians say Ukrainian forces have raided a school, kindergarten and cemetery in the villages of Kyselivka and Shyroka Balka.

Deir na Rúisigh gur scaoil fórsaí na hÚcráine le scoil,naíscoil agus reilig i sráidbhailte Kyselivka agus Shyroka Balka.

However, they did not provide any information on the number of deaths or casualties, or exactly when this attack took place.

Níor thug siad aon eolas áfach ar líon na marbh nó an méid duine a goineadh, nó cén uair go baileach más fíor ar tharla an t-ionsaí seo.

Donbas suffers greatly from Russian attacks

Donbas ag fulaingt cuid mhór ó ionsaithe na Rúiseach

Leave a Reply