20220501_IRISH_katie_taylor_buacach_i_’madison_square_garden’



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y4gsuslv
Contact: irishlingos@gmail.com

Katie Taylor wins in

Katie Taylor buacach i 'Madison Square Garden'.

President Michael D HIggins has congratulated renowned Irish boxer Katie Taylor.

Tá an tUachtarán Michael D HIggins i ndiaidh a chomhghairdeas a chur in iúl don dornálaí clúiteach Éireannach,Katie Taylor.

Taylor got the better of her opponent, Amanda Serrano, in the boxing match at Madison Square Garden last night.

Fuair Taylor an ceann is fearr ar a céille comhraic, Amanda Serrano, sa bhabhta dornálaíochta i Madison Square Garden aréir.

Last night’s victory in the World Lightweight Championship means that the Wicklow woman has always been the champion.

Fágann bua na hoíche aréir sa Chraobh Éadrom Mheáchan Domhanda gurb í bean Chill Mhantáin an seaimpín i gcónaí.

In a message from President Higgins he told her that ‘you have done another great feat in your huge career’.

I dteachtaireacht ón Uachtarán Higgins dúirt sé léi go raibh ‘gaisce mór eile déanta agat i do ghairm ollmhór’.

It seemed to him last night that Katie Taylor would not win, but she showed a certain resilience to win the fight on points and beat the Puerto Rican woman.

Bhí an chosúlacht aréir air ar feadh tamaill nach ag Katie Taylor a bheadh an bua, ach léirigh sí teacht aniar ar leith leis an troid a bhuachan ar phointí agus bean Phuerto Rico a chloí.

There was one referee who awarded the fight to Serrano, but the other two sided with Taylor.

Bhí moltóir amháin a bhronn an troid ar Serrano, ach thaobhaigh an bheirt eile le Taylor.

Last night was the first time ever that a fight between two women was the main event in that prestigious boxing ring in New York, Madison Square Garden.

Ba í aréir an chéad uair riamh a raibh troid idir beirt bhan ar an bpríomhimeacht sa gcró dornálaíochta iomráiteach sin i Nua Eabhrac,Madison Square Garden.

Leave a Reply