20220429_IRISH_ionad_nua_gardai_ar_shraid_ui_chonaill_sa_phriomhchathair



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y6cmebhc
Contact: irishlingos@gmail.com

A new Garda center on O’Connell Street in the capital.

Ionad nua Gardaí ar Shráid Uí Chonaill sa phríomhchathair.

A new Garda center on O’Connell Street in the heart of Dublin will open in a few months to tackle anti – social behavior and drug dealing in the city.

Osclófar ionad nua Garda Síochána ar Shráid Uí Chonaill i gcroílár Bhaile Átha Cliath i gceann cúpla mí d’fhonn dul i ngleic le hiompar frithshóisialta agus mangaireacht drugaí sa chathair.

13a Upper O’Connell Street launched the new Citizens Information Center.

13a Sráid Uí Chonaill Uachtarach seoladh an ionaid nua a mbíodh lucht Fhaisnéis do Shaoránaigh bunaithe ann.

Two public order and anti-crime campaigns, known as Operation Citizen and Operation Spike, will be administered from this center respectively.

Is ón ionad seo a riarfar dhá fheachtas oird phoibí agus frithchoireachta, a dtugtar Oibríocht an tSaoránaigh agus Oibríocht na Spuaice orthu faoi seach.

Violent disorder and drug trafficking around the Spire – often the hub of trouble – prompted the Gardaí to set up the new center on the street.

Mí-ord foréigneach agus mangaireacht drugaí thart ar an Spuaic – ar mol na trioblóide í go minic – a spreag na Gardaí leis an ionad nua a bhunú ar an tsráid.

The announcement of the new center was made by Justice Minister Helen McEntee.

Is í an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee a d’fhógair an scéala faoin ionad nua.

Speaking last night to members of her own party – Fine Gael – Helen McEntee indicated that there are hopes of setting up a victim support unit on the same premises.

Ag labhairt di aréir le baill dá páirtí féin – Fine Gael – thug Helen McEntee le fios go bhfuil súil aonad tacaíochta íospartach a bhunú san áitreabh céanna.

The appropriate technology infrastructure is currently being put in place and it is anticipated that the entire refurbishment will be completed in a few months.

Tá an bonneagar cuí teicneolaíochta á chur i bhfearas san áit faoi láthair agus meastar go mbeidh an t-athchóiriú ar fad déanta faoi cheann cúpla mí.

A Travel Unit for Drug and Crime Prevention has been located almost permanently on O’Connell Street for a long time but it is said that it does not have the capacity to cope with the large number of anti – social incidents that occur in the area.

Tá Aonad Taistil um Chosc Drugaí agus Coireanna suite nach mór go buan ar Shráid Uí Chonaill le fada ach deirtear nach bhfuil sé d’acmhainn ag a leithéid dul i ndréim leis an líon mór eachtraí frithshóisialta a tharlaíonn sa cheantar.

Leave a Reply