20220428_IRISH_baol_fire_ann_go_mbeidh_se_ina_thriu_cogadh_mor_-_lavrov



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y3g9mm5h
Contact: irishlingos@gmail.com

“There is a real danger of it becoming a Third World War” – Lavrov.

“Baol fíre ann go mbeidh sé ina Thríú Cogadh Mór” – Lavrov.

Russia has warned that if Western countries continue to ship weapons and ammunition to Ukraine, there is a real danger of it becoming World War II.

Tá foláireamh tugtha ag an Rúis go bhfuil baol fíre ann go mbeidh sé ina Thríú Cogadh Mór ar domhan má leanann tíortha an Iarthair orthu ag seoladh arm agus armlóin chun na hÚcráine.

Speaking to the media in his home country, Russian Foreign Minister Sergei Lavrov sold and predicted this fate.

Is é Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise Sergei Lavrov a reic agus a thuar an cor cinniúnach seo agus é ag labhairt leis na meáin chumarsáide ina thír dhúchais.

Ukrainian President Volodymyr Zelensky has been calling Western governments for weapons and all kinds of military equipment since Russia invaded the country on February 24.

Tá Uachtrán na hÚcráine Volodymyr Zelensky ag sireadh arm agus gach chuile chineál trealaimh mhíleata ar rialtais an Iarthair ó rinne an Rúis ionradh ar an tír ar an 24 Feabhra.

He believes that Ukrainian soldiers could repel the Russians by equipping them with heavy artillery and warplanes.

Creideann sé go bhféadfadh saighdiúirí na hÚcráine na Rúisigh a chur dá gcois ach iad a chumasú chuige sin le hairtléire throm agus scairdeitleáin chogaidh.

Weapons are currently arriving in Ukraine from the West in large numbers and promptly.

Tá airm ag teacht isteach san Úcráin ón Iarthar go fras agus go pras faoi láthair.

Indeed, on the back of existing, American Secretary of State and Secretary of Defense Antony Blinken and Lloyd Austin pledged to provide an additional $ 700 million worth of military assistance to Ukraine after the duo stormed the capital of Kiev. last weekend.

Go deimhin, ar mhuin a bhfuil ann cheana, gheall Rúnaí Stáit agus Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Antony Blinken agus Lloyd Austin, luach $700 milliún breise de chúnamh míleata a chur ar fáil don Úcráin tar éis don dís fhear sciuird a thabhairt ar phríomhchathair na tíre Cív an deireadh seachtaine seo caite.

Representatives from the countries of the North Atlantic Treaty Organization (NATO) will meet at a conference in Germany today to explore the situation further.

Tiocfaidh ionadaithe ó thíortha Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) le chéile ag comhdháil sa Ghearmáin inniu leis an scéal a chíoradh tuilleadh.

Representatives from Sweden, Finland, Australia and Japan will also take part in the conference. According to a Russian news agency, Russian President Vladimir Putin will also discuss the war with Turkish President Recep Tayyip Erdogan today.

Beidh ionadaithe ón tSulainn, ón bhFionlainn, ón Astráil agus ón tSeapáin rannpháirteach sa chomhdháil freisin De réir áisíneacht nuachta sa Rúis, pléifidh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin an cogadh le hUachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdogan inniu chomh maith.

As with the humanitarian crisis, it was reported yesterday that five people were killed and eighteen were injured when Russian forces fired rockets into railway infrastructure at Vinnytsia Oblast in central Ukraine.

Mar leis an ngéarchéim dhaonnachta de, tuairiscíodh inné gur maraíodh cúigear agus gur donaíodh ocht nduine dhéag nuair a scaoil fórsaí Rúiseacha roicéid le bonneagar iarnróid in Oblast Vinnytsia i lár na hÚcráine.

The city of Kharkiv in the far east of Ukraine – on the border with Russia – is almost under siege by the Russians.

Tá cathair Kharkiv i gcianoirthear na hÚcráine – ar an teorainn leis an Rúis – faoi léigear nach mór ag na Ruisigh.

In the southeast, the Russians reportedly tried but failed to bridge the Ukrainian defense lines and subdue the city of Zaporizhzhia.

San oirdheisceart, tuairiscítear gur thug na Rúisigh iarracht ar bhearna a dhéanamh i línte cosanta na nÚcránach agus fogha a thabhairt faoi chathair Zaporizhzhia ach nach ndeachaigh leo.

Mariupol is southeast of Zaporizhzhia, where both civilians and fighters are still sheltered in the Azovstal steel giant factory.

Soir ó dheas ó Zaporizhzhia atá Mariupol, mar a bhfuil idir shibhialtaigh agus throdaithe faoin bhfothain in ollmhonarcha cruach Azovstal i gcónaí.

It seems, therefore, that the Russians preferred to encroach and confront Zaporizhzhia northwest in a bed to attack the factory, still at all.

Dealraíonn sé, mar sin, gurbh fhearr leis na Rúisigh cor máguaird a thabhairt agus aghaidh a thabhairt siar ó thuaidh ar Zaporizhzhia i leaba ionsaí a dhéanamh ar an monarcha, go fóill ar aon chor.

While there is a lot of talk about letting civilians retire from the factory, it is unlikely that a verbal measure will be implemented soon.

Siúd is go bhfuil neart cainte ar shibhialtaigh a ligean le scoir ón monarcha, níl aon chosúlacht air go gcuirfear beart de réir ráite béil i gcion go gairid.

On the other side of the border fence, the Russians have accused the Russians of carrying out rocket attacks on a Russian village yesterday and injuring two civilians, not to mention the damage done to homes.

Ar an taobh eile den chlaí críche, tá sé curtha i leith na nÚcránach ag na Rúisigh go ndearna siad ionsaithe roicéad ar shráidbhaile sa Rúis inné agus gur gortaíodh beirt shibhialtach dá mbíthin, gan trácht ar an damáiste a rinneadh do thithe cónaithe.

Missile pile assembled by Kharkiv emergency services, April 25, 2022

Carn diúracán caite i dtoll a chéile ag seirbhísí éigeandála Kharkiv, 25 Aibreán 2022

Leave a Reply