20220424_IRISH_an_fheile_naisiunta_dramaiochta_ar_ais_ar_an_ardan



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y5rhxpxk
Contact: irishlingos@gmail.com

The National Drama Festival returns to the stage.

An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar ais ar an ardán.

It’s been 3 years since the National Drama Festival took place with a live audience in the theater, when the National Drama Association held the Festival in Gaoth Dobhair.

Tá sé 3 bliana ó bhí an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar siúl agus lucht féachana beo san amharclann, tráth ar reachtáil An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta an Fhéile i nGaoth Dobhair.

Since then Covid’s 19 has had to produce plays online but this year the National Drama Festival is back at Seanscoil Sailearna by the Sea in Connemara with companies from all over the country producing 4 plays.

Ó shin mar gheall ar Covid a 19 b’éigean drámaí a léiriú airlíne ach i mbliana tá an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar ais i Seanscoil Sailearna i gCois Fharraige i gConamara agus compántais ó cheann ceann na tíre ag léiriú 4 dhráma.

Seán Ó Morónaigh, Director of the National Drama Association, says that this year’s festival is on a smaller scale due to the disease but that the plays being staged are of a high standard, meeting the Association’s goal, which was founded in 1976. .

Deir Stiurthóir an Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta Seán Ó Morónaigh go bhfuil féile na bliana seo ar scála níos lú de bharr na haicíde ach go bhfuil ard-chaighdeán sna drámaí atá á gcur ar stáitse, ag comhlíonadh sprioc an Chomhlachais a deir sé, a bunaíodh i 1976.

Prionsias Ó Cuillinn has written 15 new plays which are about Aisteoirí Mhíobhaigh from Downings in Donegal and one of them will be on stage tonight, “Peacadh Cholm Cille”.

Tá 15 dráma nua scríofa ag Prionsias Ó Cuillinn atá bainteach le Aisteoirí Mhíobhaigh as na Dúnaibh i dTír Chonaill agus beidh ceann acu ar ardán anocht, “Peacadh Cholm Cille”.

Tomorrow ‘s events will include Éigse na Féile featuring storytelling and paired interviews, followed by a big screen screening in the Old School, a video taken in 1992 of the play “An Mhéar Fhada” written by Johnny Cóil Mhaidhc Ó Pedestrians.

I measc na n-imeachtaí amárach beidh Éigse na Féile ar bun ag a mbeidh scéalaíocht agus agallaimh beirte, agus ina dhiaidh taispeánfar ar an scáileán mór sa tSeanscoil, físeán a tógadh i 1992 den dráma “An Mhéar Fhada” a scríobh Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha.

The Festival kicks off at 8pm tonight with the play “Cogar sa Pháirc” by Aisteoirí an Lóchrainn from Carlow.

Cuirfear tús leis an bhFéile ag a 8 a chlog anocht leis an dráma “Cogar sa Pháirc” ó Aisteoirí an Lóchrainn as Ceatharlach.

The winners will be presented with their awards tomorrow night in Seanscoil Sailearna.

Bronnfar gradaim ar na buaiteoirí san oíche amárach i Seanscoil Sailearna.

The fun will start on stage tonight in Connemara

Tosóidh an scléip ar stáitse anocht i gConamara

Leave a Reply