20220423_IRISH_mi_go_mbeidh_cinneadh_sa_tsualainn_faoi_nato



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yy9olgsr
Contact: irishlingos@gmail.com

One month Sweden will decide on NATO.

Mí go mbeidh cinneadh sa tSualainn faoi NATO.

The ruling Social Democrats in Sweden have announced a decision to seek membership of NATO’s armed alliance at the latest on May 24th.

Tá sé fógartha ag na Daonlathaigh Sóisialta atá i mbun rialtais sa tSualainn go ndéanfar cinneadh an 24ú Bealtaine ar a dheireanaí faoi bhallraíocht a lorg i gcomhghuaillíocht armtha NATO.

The party was adamantly opposed for many years but agreed to review the policy in the light of the Russian invasion of Ukraine.

Bhí an páirtí glan in aghaidh a leithéid le blianta fada anuas ach haontaíodh athbhreithniú a dhéanamh ar an bpolasaí i bhfianaise ionsaí na Rúise ar Úcráin.

Finland has also been reflecting on the new geopolitics since Moscow’s invasion.

Tá an Fhionlainn freisin i mbun macnaimh faoin ngeo-pholaitíocht nua ó thug Moscó faoin ionradh.

To keep the Swedish people safe, while still having a strong voice on human rights and international peace, the two beaches that are wanted to attend says Party Secretary Tobias Baudin.

Pobal na Sualainne a choinneáil slán, ach glór laidir go fóill a bheith acu ar chúrsaí cearta daoine agus an tsíocháin go hidirnáisiúnta, an dá thrá atáthar ag iarraidh a fhreastal a deir Rúnaí an Pháirtí Tobias Baudin.

A consultation process is now underway he says with party members.

Tá próiseas comhairliúcháin ar bun anois a deir sé le baill an pháirtí.

As it stands, a majority in the Swedish Parliament is in favor of seeking membership in NATO.

Mar a sheasann sé, tá móramh i bParlaimint na Sualainne i bhfábhar ballraíocht a lorg i NATO.

Magdalena Andersson, leader of the Social Democrats

Magdalena Andersson, ceannaire na nDaonlathaigh Sóisialta

Leave a Reply