20220412_IRISH_plean_le_cosc_a_chur_ar_dhiol_agus_ar_dhaileadh_mona_sa_bhfomhar



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yb7uwdhw
Contact: irishlingos@gmail.com

Plan to ban the sale and distribution of peat in the autumn.

Plean le cosc a chur ar dhíol agus ar dháileadh móna sa bhfómhar.

Environment Minister Éamon Ryan plans to implement a regulation in the autumn to ban the sale and distribution of peat.

Tá sé beartaithe ag an Aire Comhshaoil Éamon Ryan rialachán a chur i bhfeidhm sa bhFómhar le cosc a chur ar dhíol agus ar dháileadh móna.

But the Minister has confirmed that people will still be allowed to cut and burn their own turf.

Ach tá sé deimhnithe ag an Aire go mbeidh cead fós ag daoine a gcuid móna féin a bhaint agus í a dhó.

The turf cutting season has only just begun on the west coast and large midland plains, but the opportunity for a lucrative and thousands of harvesters could end in 5 months. a customer who relies on harvested and dried peat to heat their homes.

Níl séasúr bainte na móna ach díreach tosnaithe ar an gcósta thiar agus ar na macharí móra lár-tíre, ach d’fheadfadh sé go mbeadh deireadh ar fad faoi cheann 5 mhí leis an deis a bhíodh ag lucht bainte brabach a shaothrú agus ag na mílte custaiméar atá ag brath ar mhóin bainte agus triomaithe lena gcuid tithe a théamh.

That is what will happen if the Green Party leader’s resolution is implemented by law from the first day of September.

Sin é a tharlóidh má fheidhmítear an rún atá ag ceannaire an Chomhaontais Ghlais an rialachán a chur sa dlí ón gcéad lá de mhí Mheán an Fhómhair.

“Old people depend on me like that” says Michael Mulkerrins, a man from Carna in Connemara who has been cutting turf with a machine on bogs on the Burnt House for 20 years.

“Tá sean-ndaoine ag brath ar mo leithide-sa” a deir Michael Mulkerrins, fear as Carna i gConamara atá ag baint mhóna le meaisín ar phortaigh ar an Teach Dóite le 20 bliain.

“What will those older people do if the peat is not allowed to be removed and sold?

“Céard a dhéanfaidh an dream aosta sin muna mbeidh cead an mhóin a bhaint agus í a dhíol?

And there are many people who do not have a ‘plot’ but rent one every year and grind their turf and bring it home after I have removed it for them.

Agus tá daoine go leor nach bhfuil ‘plot’ acu ach a fhaigheann ceann ar cíos gach bliain agus a ghróigeann a gcuid móna agus í a thabhairt abhaile tar éis dhomsa í a bhaint dóibh.

People need to stand together and stand up strongly against this new law that the Greens are talking about “.

Ní mór do dhaoine seasamh le chéile agus seasamh go láidir in aghaidh an dlí nua seo a bhfuil caint ag na Glasaigh air”.

Minister Ryan says that 1,300 people a year in the country are being wiped out by pollution from burning hard fuels – coal, wood and peat.

Deir an tAire Ryan go bhfuil 1,300 duine sa mbliain sa tír á gcur den tsaol de bharr truailliú ó bhreosla crua a dhó, – gual, adhmad agus móin.

Smoke from the fire causes particles, – tiny germs – to cause poor lung conditions and general health.

Cáithníní, – frídíní beaga bídeacha – sa deatach ón tine is cúis leis an drochbhail a churtar ar na scamhóga agus ar an tsláinte i gcoitinne.

But former Government Minister Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil TD in West Galway, says the least – resourced, low – income and state – dependent dependents will suffer most from the current regulation. na bacáin.

Ach deir an t-iar Aire Rialtais Éamon Ó Cuív, TD de chuid Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar, gurbh iad an dream is lú achmhainní, daoine ar ioncaim íseal agus daoine atá i dtuilleamaí cúnamh stáit is mó a bheidh thíos leis an rialachán atá ar na bacáin.

“Understand if this is in the interests of public health that the Moneypoint power station is not being shut down?

“Tuige más ar son sláinte an phobail atá sé seo beartaithe nach bhfuil stáisiún ginte leictreachais Moneypoint á dhúnadh?

In fact, instead of depleting it, the amount of coal burning in that power station is going to increase! ” it will be a breach of the law, selling turf, or even sharing it with a friend or relative or neighbor.

Go deimhin in áit é a chur ó mhaith, tá an méid guail atá á dhó sa stáisiún cumhachta sin le méadú!” Dóibh siúd a bhfuil straidhp portaigh acu beidh cead fós móin a bhaint agus í a dhó, go fóill ar aon nós, ach sárú ar an dlí a bheidh ann, móin a dhíol, nó fiú í a roinnt le cara nó gaol nó comharsa.

Machine cut peat on the Burnt House in Connemara.

Móin bainte le meaisín ar an Teach Dóite i gConamara.

From next Autumn, peat will no longer be allowed to be sold or distributed even to relatives or neighbors.

Ón Fómhar seo chugainn ar aghaidh, ní bheidh cead móin a dhíol ná a dháileadh fiú más ar ghaolta nó comharsain é.

Leave a Reply