20220410_IRISH_sceim_i_ngaillimh_le_bruscar_cupain_caife_a_laghdu



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y9nboykm
Contact: irishlingos@gmail.com

Scheme in Galway to reduce coffee cup litter.

Scéim i nGaillimh le bruscar cupáin caifé a laghdú.

News There’s a taste of what is being said but for the next 3 months the blog blog which will be on sale in 10 coffee shops in Galway city under a scheme launched today will have a “green” taste.

Nuacht Bíonn blas ar an mbeagán a deirtear ach as seo go ceann 3 mhí beidh blas “glas” ar an mblogam caifé a bheas ar díol i 10 shiopa caifé i gcathair na Gaillimhe faoi scéim a seoladh inniu.

The cafes in the “Use Your Mug” scheme will not offer drinks in disposable cups.

Ní bheidh fáil sna caiféanna sa scéim “Usáid do Mhuga” ar dheochanna i gcupáin aon-uaire.

In return, stores will receive 1,400 free cups from Galway City Council and 2GoCup.

Mar chúiteamh air sin gheobhaidh na siopaí 1,400 cupán in aisce ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus 2GoCup.

Customers will pay € 1 to borrow the cup of the deposit scheme and the money will be refunded when it is returned or exchanged for another 2GoCup cup free of charge by any of the 10 participating businesses.

Íocfaidh custaiméirí €1 le cupán na scéime taisce a fháil ar iasacht agus aisíocfar an t-airgead nuair a thabharfar ar ais é nó nuair a mhalartófar é le cupán eile 2GoCup in aisce ag aon cheann de na 10 ngnólacht atá rannpháirteach sa scéim.

The scheme was devised by Galway City Council and 2GoCup to significantly reduce the number of disposable coffee cups used in the city.

Is iad Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus 2GoCup a cheap an scéim le laghdú suntasach a dhéanamh ar líon na gcupáin caifé aon- uaire a úsáidtear sa gcathair.

It is the first such scheme by a local authority in the country and the City Council hopes that other authorities will emulate the example of Galway.

Is í an chéad scéim dá leithéid ag údarás áitiúil sa tír agus tá súil ag Comhairle na Cathrach go ndéanfaidh údaráis eile aithris ar shampla na Gaillimhe.

“We dispose of 200 million cups of coffee in the Republic of Ireland every year – the equivalent of 560,000 every day that goes to landfill or incineration.

“Déanann muid 200 milliún cupán caife a dhiúscairt i bPoblacht na hÉireann gach bliain – is ionann é sin agus 560,000 gach lá a théann chuig líonadh talún nó a dhéantar a loscadh.

This has huge environmental impacts in terms of litter, waste and climate, “said Lord McCusker, the Council’s Environmental Awareness Officer.

Tá iarmhairtí ollmhóra comhshaoil ag baint leis sin ó thaobh bruscair, dramhaíola agus aeráide de” a dúirt Tiarnan McCusker, Oifigeach Feasachta Comhshaoil leis an gComhairle.

A recent Council survey shows that four out of five respondents have a standing cup but only one in five use them regularly.

Léiríonn suirbhé a rinne an Chomhairle le déanaí go bhfuil buan- chupán ag ceathrar as gach cúigear freagróirí ach nach n-úsáideann ach duine amháin as gach cúigear iad go rialta.

Minister of State Ossian Smyth, who is responsible for the circular economy, and who launched the campaign in Galway today, said he believes the public is interested in embracing change and using permanent cups.

Dúirt an tAire Stáit Ossian Smyth atá freagrach as an ngeilleagar ciorclach, agus a sheol an feachtas i nGaillimh inniu, go gcreideann sé go bhfuil suim ag an phobal tabhairt faoin athrú agus buan-chupáin a úsáid.

Also, people want cheaper coffee – it’s more expensive to get coffee in a disposable cup. “

Chomh maith leis sin ba mhaith le daoine caifé níos saoire a fháil – tá sé níos costasaí caifé a fháil i gcupán aonuaire.”

In addition to the 10 cafes that will be renting permanent cups, many more in the city have signed up to the ‘Use Your Mug!’ They will offer a 50 cent discount to customers who bring in their own standing cups for the next week.

Chomh maith leis an 10 gcaifé a bheidh ag ligean buan-chupáin ar cíos, tá roinnt mhaith eile sa gcathair cláraithe leis an fheachtas ‘Úsáid do Mhuga!’ Bronnfaidh siadsan lascaine 50 cent ar chustaiméirí a thabharfaidh a gcuid buan-chupáin féin isteach as seo go ceann seachtaine.

A huge cup of green coffee called ‘Muggins’ will be placed in various locations throughout the City.

Cuirfear cupán caifé ollmhór glas ar a dtugtar ‘Muggins’ in áiteanna éagsúla ar fud na Cathrach.

Council urges local community and tourists to build selfies with Muggins and post them on Galway City Council’s social media accounts under the hashtag

Tá an Chomhairle ag iarraidh ar an bpobal áitiúil agus ar thurasóirí féiníní a thógáil le Muggins agus iad a fhoilsiú ar chuntais meáin shóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoin haischlib #ÚsáidDoMhuga agus #useyourmug Caifé i mBóthar na Trá atá páirteach sa scéim.

Leave a Reply