20220324_IRISH_imni_ar_an_roinn_oideachais_faoi_chailiocht_fhoghlaim_na_gaeilge



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y9cuvgqz
Contact: irishlingos@gmail.com

The Department of Education is concerned about the quality of learning Irish.

Imní ar an Roinn Oideachais faoi cháilíocht fhoghlaim na Gaeilge.

A new report from the Chief Inspector of the Department of Education states that the quality of learning Irish in primary schools, with the exception of Gaelscoileanna and Gaeltacht schools, is a matter of great concern.

Deirtear i dtuarascáil nua ó Phríomhchigire na Roinne Oideachais gur údar mór imní cáilíocht fhoghlaim na Gaeilge i mbunscoileanna, seachas Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.

Dr Harold Hislop’s report is based on 10,000 inspections carried out in primary, post-primary, special schools and other education centers between the years 2016-2020.

Tá tuarascáil an Dr Harold Hislop bunaithe ar 10,000 cigireacht a rinneadh i mbunscoileana, iar-bhunscoileanna, scoileanna speisialta agus ionaid oideachais eile idir na blianta 2016-2020.

According to the report, the quality of the teaching and learning of Irish is still as good – on the whole – as it was before but difficulties are highlighted in English – medium schools, especially primary schools.

De réir na tuarascála, tá cáilíocht theagasc agus fhoghlaim na Gaeilge chomh maith i gcónaí – ar an iomlán – agus a bhí roimhe seo ach tarraingítear aird ar dheacrachtaí i scoileanna Béarla, go háirithe bunscoileanna.

It is pointed out that the quality of learning in these schools is not as positive for Irish as it is for English and Maths.

Cuirtear in iúl nach bhfuil cáilíocht na foghlama sna scoileanna sin chomh dearfach i gcás na Gaeilge agus atá i gcás an Bhéarla agus an Mhata.

With regard to post-primary schools, the report states that the quality of learning Irish is good or very good according to 76% of inspections.

Maidir le hiarbhunscoileanna, deirtear sa tuarascáil go bhfuil cáilíocht fhoghlaim na Gaeilge go maith nó an- mhaith de réir 76 faoin gcéad de na cigireachtaí.

This result is not as good as the other two core subjects, however.

Níl an toradh seo chomh maith leis an dá chroí-ábhar eile, áfach.

The quality of learning English and Maths is said to be good or very good according to 87% and 91% of inspections respectively.

Deirtear go bhfuil cáilíocht fhoghlaim an Bhéarla agus an Mhata go maith nó an-mhaith de réir 87 faoin gcéad agus 91 faoin gcéad de na cigireachtaí faoi seach.

Students need to be given more opportunities to use Irish in the classroom, the report states.

Ní mór tuilleadh deiseanna a thabhairt do dhaltaí feidhm a bhaint as an nGaeilge sa seomra ranga, a deirtear sa tuarascáil.

Leave a Reply