20220323_IRISH_zelensky_ag_achaini_ar_putin_teacht_chun_cainte_leis



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y8ozumjl
Contact: irishlingos@gmail.com

Zelensky pleads with Putin to come to him.

Zelensky ag achainí ar Putin teacht chun cainte leis.

Ukrainian President Volodymr Zelensky said he would be happy to discuss all issues and reach an agreement with Russian President Vladimir Putin to end the war in Ukraine provided the two have a face-to-face meeting.

Dúirt Uachtarán na hUcráine Volodymr Zelensky go mbeadh sé sásta gach uile cheist a phlé agus dul chun socraithe le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin ach cruinniú aghaidh ar aghaidh a bheith ag an mbeirt acu.

President Zelensky indicated that if the two leaders took a seat on the war, he himself would be willing to negotiate one of the major issues of debate between the two countries, namely, the status and poetry of Crimea and Donbass.

Thug an tUachtarán Zelensky le fios dá ndéanfadh an bheirt cheannairí suíochán ar an gcogadh go mbeadh sé féin sásta ceann de na mórúdair imris idir an dá thír a chaibidil, mar atá, stádas agus dán na Crimé agus Donbass.

Both regions are officially part of Ukraine but Crimea has been occupied by the Russians and Donbass under Russian loyalist rule for eight years.

Go hoifigiúil, is cuid den Úcráin an dá réigiún sin ach tá an Chrimé ina seilbh ag na Rúisigh agus Donbass faoi riail dhílseoirí Rúiseacha le hocht mbliana.

Not all issues would be resolved in a meeting but any kind of peace would be better than no peace at all, Volodymr Zelensky said.

Ní réiteofaí gach aon cheist i gcruinniú ach b’fhearr aon saghas síochána ná a bheith gan síocháin ar bith, a dúirt Volodymr Zelensky.

He said after believing that Crimea and Donbass must be returned to Ukraine as part of any permanent settlement that a national referendum could be held on the issue.

Dúirt sé tar éis go gcreideann sé go gcaithfí an Chrimé agus Donbass a thabhairt ar ais don Úcráin mar chuid d’aon socrú buan go bhféadfaí reifreann náisiúnta a reáchtáil ar an gceist.

The people of Ukraine are acutely aware, he said, that the country may not be a member of the North Atlantic Treaty Organization (NATO) but, conversely, may not hand over their cities and towns to the Russians.

Tuigeann muintir na hÚcráine go rímhaith, ar sé, nach bhféadfaidh an tír a bheith ina ball d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) ach, os a choinne sin, nach bhféadfaidh siad a gcuid cathracha agus bailte móra a thabhairt ar láimh do na Rúisigh.

Ukrainians would find it easier to accept the destruction of their country than Russian rule, he said.

B’fhusa le hÚcránaigh glacadh le scrios a dtíre ná le riail na Rúiseach, a dúirt sé.

Zelensky also called on the Chinese government to take charge and participate in efforts to end the war.

D’achainigh Zelensky chomh maith ar Rialtas na Síne an cúram a ghabháil orthu féin agus páirt a ghlacadh in iarrachtaí deireadh a chur leis an gcogadh.

In the meantime, however, there is no stop or resemblance to the war and a curfew has been imposed in the Ukrainian capital, Kiev, in the wake of the artillery attack by the Russian Army on a residential and shopping area there.

Idir dhá linn, ámh, níl aon stad ná cosúlacht stad leis an gcogaíocht agus tá cuirfiú curtha i gcion i bpríomhchathair na hÚcráine, Cív, i bhfianaise an ionsaí airtiléire a rinne Arm na Rúise ar cheantar cónaithe agus siopadóireachta ansin.

US President Joe Biden said Vladimir Putin is considering putting chemical and biological weapons to work against the Ukrainian people.

Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden go bhfuil Vladimir Putin ag cuimhneamh ar airm cheimiceacha agus bhitheolaíocha a chur ag obair i gcoinne mhuintir na hÚcráine.

The Russians themselves are claiming that the Ukrainians have chemical weapons and Joe Biden believes that Putin intends to disarm this maneuver to put yet another flame in the bar.

Tá sé á mhaíomh ag na Rúisigh iad féin go bhfuil airm cheimiceacha ag na hÚcránaigh agus dar le Joe Biden go bhfuil sé ar intinn ag Putin armáil a bhaint as an údramáil seo le lasóg eile fós a chur sa bharrach.

The plight of the Mariupol people in southeastern Ukraine, where some 350,000 people are besieged by the Russian Army, is not reported to have improved.

Ní thuairiscítear aon fheabhas a bheith tagtha ar chruachás mhuintir Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine, mar a bhfuil thart ar 350,000 duine faoi léigear ag Arm na Rúise.

According to the city council, which is apparently just a shadow of a doubt, 2,000 people have been killed in the area since the beginning of the siege.

Dar le comhairle na cathrach, nach bhfuil inti ach a scáil faoi seo de réir dealraimh, gur maraíodh 2,000 duine san áit ó thús an imshuí.

European Union foreign affairs chief Josep Borrell has called a brutal war crime in Mariupol.

Coir chogaidh ollmhór atá tugtha ar an mbrúidiúlacht i Mariupol ag ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh Josep Borrell.

In the evening, President Zelensky said that a fort of the city has not been destroyed after the latest crash.

Tráthnóna, dúirt an tUachtarán Zelensky nach bhfuil foithnín den chathair gan scrios tar éis na tuairgneála is deireanaí.

Life in crumbs in Kiev

An saol ina smidiríní i gCív

Leave a Reply