20220322_IRISH_fear_gafa_faoi_mharu_sandra_boyd_i_bhfionnghlas



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ycrvhwqt
Contact: irishlingos@gmail.com

Man arrested for killing Sandra Boyd in Finglas.

Fear gafa faoi mharú Sandra Boyd i bhFionnghlas.

Gardaí have arrested a man in connection with the murder of a woman in Dublin last night.

Tá fear gafa ag na Gardaí maidir le dúnmharú mná a lámhachadh i mBaile Átha Cliath arú aréir.

Sandra Boyd, 36, was killed at her family’s home in Collins Place in East Finglas.

I dteach a muintire i bPlás Uí Choileáin i bhFionnghlas Thoir a maraíodh Sandra Boyd, a bhí 36 bliain d’aois.

She was shot with a pistol in the chest at the back of the house at about 8.40pm on Saturday.

Lámhachadh le piostal sa chliabhrach í i gcúl an tí ag thart ar 8.40 oíche Dé Sathairn.

She was immediately taken to the Mater Hospital but was confirmed missing shortly afterwards.

Tugadh go hOspidéal an Mater í ar an mball ach deimhníodh go gairid ina dhiaidh sin go raibh sí caillte.

Gardaí found a gun in the house but are still unsure as to exactly why Sandra Boyd was shot.

Fuair na Gardaí gunna sa teach ach níl siad cinnte fós cén fáth ná cén chaoi go baileach ar lámhachadh Sandra Boyd.

There were several people in the house at the time but the Gardaí were looking for a particular man more than anyone else in connection with the incident.

Bhí roinnt daoine sa teach ag an am ach bhí na Gardaí sa tóir ar fhear faoi leith thar aon duine eile maidir leis an eachtra.

This guy and Sandra Boyd knew each other.

Bhí aithne ag an bhfear seo agus Sandra Boyd ar a chéile.

The man who was picked up by the Gardaí this morning is in his late twenties and is being questioned at Finglas Garda Station.

Tá an fear a thóg na Gardaí ar maidin sna fichidí déanacha agus tá sé á cheistiú i Stáisiún Ghardaí Fhionnghlaise.

It can be kept for up to seven days.

Is féidir é a choinneáil ar feadh suas le seacht lá.

Gardaí are investigating whether the killing of Sandra Boyd was linked to another shooting that took place near her family home last Tuesday.

Tá na Gardaí ag fiosrú an raibh baint ag marú Sandra Boyd le heachtra lámhaigh eile a tharla gar do theach a muintire Dé Máirt seo caite.

Leave a Reply