20220321_IRISH_an_ucrain:_diuracain_chursala_scaoilte_le_haerfort_lviv



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y9d5eetq
Contact: irishlingos@gmail.com

Ukraine: cruise missiles fired at Lviv airport.

An Úcráin: diúracáin chúrsála scaoilte le haerfort Lviv.

Russian forces reportedly fired cruise missiles at the airport district of Lviv city in western Ukraine this morning.

Tuairiscítear gur scaoil fórsaí Rúiseacha diúracáin chúrsála le ceantar an aefoirt i gcathair Lviv in iarthar na hÚcráine ar maidin.

The Ukrainian air force said six missiles had been fired into the area from a Russian base in the Black Sea but two had been fired before reaching a target.

Thug aerfhórsa na hÚcráine le fios gur scaoileadh sé cinn de dhiúracáin leis an gceantar ó bhunáit Rúiseach sa Mhuir Dhubh ach gur cuireadh péire acu ó mhaith sular bhain said sprioc amach.

The type of missile involved has a range of 2,500 kilometers.

Tá raon 2,500 ciliméadar ag an gcineál diúracáin a bhí i gceist.

The mayor of Lviv said the missiles hit an aircraft repair center but no damage was done to the airport itself.

Dúirt méara Lviv gur bhuail na diúracáin ionad deisiúcháin eitleán ach nach ndearnadh aon damáiste don aerfort féin.

He claimed no one was injured as the repair center is no longer operational.

Mhaígh sé nár gortaíodh aon duine mar nach bhfuil an t-ionad deisiúcháin ag feidhmiú níos mó.

Lviv is only 90 kilometers from the Polish border.

Níl ach 90 ciliméadar idir Lviv agus teorainn na Polainne.

Informants in Western countries say the Russians are now relying on airstrikes to achieve their military objectives as their infantry are failing to push forward and take possession of major cities in Ukraine.

Dar le lucht faisnéise i dtíortha an Iarthair go bhfuil na Rúisigh ag brath anois ar ionsaithe aeir lena gcuspóirí míleata a bhaint amach mar nach bhfuil ag éirí lena gcuid saighdiúirí coise brú chun tosaigh agus seilbh a ghabháil ar bhailte móra san Úcráin.

However, the United Nations says 780 civilians have been killed and 1,252 injured since Russia’s invasion of Ukraine on February 24.

Mar sin féin, deir na Náisiúin Aontaithe gur maraíodh 780 sibhialtach agus gur gortaíodh 1,252 ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin ar an 24 Feabhra.

It was confirmed today that Australia and Japan have imposed further sanctions on the Russians, but the focus of the world is on China and the intention of its president Xi Jinping.

Deimhníodh inniu go bhfuil tuilleadh smachtbhannaí curtha ag an Astráil agus an tSeapáin ar na Rúisigh, ach is ar an tSín agus a bhfuil ar intinn ag uachtarán na tíre sin Xi Jinping atá aird an domhain.

Russian President Vladimir Putin has called for military assistance from the Chinese but Americans are trying to persuade them to reject his petition.

Tá cúnamh mílteata iarrtha ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin ar na Sínigh ach tá na Meiriceánaigh ag féachaint le cur ina luí gaidhte orthu diúltú dá achainí.

It seems, however, that the Chinese are still trying to keep their powder dry.

Dealraíonn sé, áfach, go bhfuil na Sínigh ag iarraidh a bpúdar a choinneáil tirim go fóill.

They say that while acknowledging the sovereignty of Ukraine, they also understand Vladimir Putin’s concern about the assertion he claims Western countries are making of Russia.

Deir siad cé go n-aithníonn siad flathas na hÚcráine go dtuigeann siad chomh maith an imní atá ar Vladimir Putin faoin gcúngach a mhaíonn sé atá tíortha an Iarthair a dhéanamh ar an Rúis.

US President Joe Biden is due to speak to Xi Jinping by phone later today to discuss the situation.

Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden le labhairt le Xi Jinping ar an teileafón níos deireanaí inniu leis an scéal a phlé.

Smoke rising from an aircraft repair center in Lviv

Deatach ag éirí as ionad deisiúcháin eitleán i Lviv

Leave a Reply