20220224_IRISH_€1_milliun_caite_ar_dhochtuiri_ionaid_in_arainn_le_3_bliana



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yamlb949
Contact: irishlingos@gmail.com

€ 1 million spent on surgeons in Aran for 3 years.

€1 milliún caite ar dhochtúirí ionaid in Árainn le 3 bliana.

The Chief Executive of Comhar na Oileán says it is time for the Health Service Executive to ensure suitable conditions for the permanent employment of a doctor in the Aran Islands.

Deir Príomhfheidhmeannach Chomhar na Oileán go bhfuil sé in am ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cúinsí oiriúnacha a chinntiú le gur féidir dochtúir a fhostú go buan istigh ar Oileáin Árann.

It was reported at a meeting of the Western Health Forum that the Health Service Executive (HSE) has paid up to € 1.6 million to private medical agencies for the provision of locums in the Connemara community over the past 4 years.

Tugadh le fios ag cruinniú d’Fhóram Sláinte an Iarthair go bhfuil suas le €1.6 milliún íoctha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) le gníomhaireachtaí príobháideacha leighis le dochtúirí ionaid (locums) a bheith ar fáil ag pobal Chonamara le 4 bliana anuas.

The vast majority of this money was spent in Inis Oírr and Inis Meáin.

In Inis Oírr agus Inis Meáin a caitheadh tromlach mór an airgid sin.

Last month a representative from the Irish College of General Practitioners appeared before the Joint Oireachtas Committee on the Health Service calling for the establishment of a working group to review the matter.

An mhí seo caite bhí ionadaí ó Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh na h Éireann os comhair an Chomhchoiste Oireachtais ar an tSeirbhís Sláinte ag iarraidh go mbunofaí meitheal le athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar.

The College, which trains GPs, believes the country will need over 2,000 GPs over the next 10 years.

Creideann an Choláiste a chuireann oiliúint ar dhochtúirí teaghlaigh, go mbeidh os cionn 2,000 dochtúir teaghlaigh ag teastáil sa tír as seo go ceann 10 mbliana.

On 7Lá on TG4 last night, Councilor Dáithí Ó Cualáin, Fianna Fáil, shared the information that € 1.6 million had been spent since 2018.

Ar 7Lá ar TG4 aréir, roinn an Comhairleoir Dáithí Ó Cualáin, Fianna Fáil, an t-eolas gur €1.6 milliún a bhí caite ó 2018.

€ 1.1 million was spent on Inis Meáin and Inis Oirr in that area.

Caitheadh €1.1 milliún ar Inis Meáin agus Inis Oirr san achar sin.

Surrogate doctors from medical agencies are standing in the gap.

Dochtúiri ionaid earcaithe ó ghníomhaireachtaí leighis atá ag seasamh sa mbearna.

The post of permanent doctor for the islands has been advertised 6 times, unfilled.

6 huaire atá an post do dhochtúir buan do na hoileáin fógartha, gan líonadh.

€ 460,000 has been spent on substitute doctors in Clifden, but the Executive says it is currently in talks with a candidate following an interview process.

€460,000 atá caite ar dhochtúirí ionaid ar an gClochán, ach deir an Fheidhmeannnacht go bhfuil siad i mbun cainte faoi láthair le iarrthóir théis próiseas agallaimh.

In Oughterard, the post of GP has now been advertised 8 times, with no result.

In Uachtar Ard, tá post an dochtúra teaghlaigh fógraí 8 n-uaire anois ag an FSS, gan toradh.

Another doctor from the place who has been on duty in Oughterard for over 3 years, under a temporary contract under the General Medical Services Scheme, GMS.

Dochtúir eile as an áit atá i mbun dualgais in Uachtar Ard le breis is 3 bliana, faoi chonradh sealadach faoi Scéim na Seirbhísí Ginearálta Leighis, an GMS.

€ 20,000 has been spent on An Cheathrú Rua in the last 2 months.

€20,000 atá caite ar an gCeathrú Rua le 2 mhí anuas.

That vacancy was announced before Christmas but no one has been recruited yet.

Fógraíodh an folúntas sin roimh an Nollaig ach níl éinne earcaithe go fóill.

Nuacht TG4 asked the Health Service Executive what approach they now intend to take to permanently attract doctors to these rural areas, as the majority of vacancies have been left unfilled for many years.

D’iarr Nuacht TG4 ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cén cur chuige atá beartaithe acu anois le doctúirí a mhealladh go buan chuig na ceantair tuaithe sin, os rud é go bhfuil formhór na bhfolúntas fágtha gan líonadh le blianta fada.

We are still waiting for an answer.

Ag fanacht fós atá muid ar fhreagra.

People in Aran and Connemara have been dependent on locum doctors for a number of years.

Ag brath ar dhochtúirí locum le roinnt blianta atá daoine in Árainn agus i gConamara.

Leave a Reply