20220131_IRISH_sam_ag_iarraidh_ar_an_tsin_a_tionchar_a_imirt_ar_an_ruis



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y84ko3vc

US wants China to influence Russia.

SAM ag iarraidh ar an tSín a tionchar a imirt ar an Rúis.

The United States (US) government has called on China to try to use its influence on Russia so that Ukraine is not invaded.

D’iarr Rialtas Na Stáit Aontaithe (SAM) ar an tSín féachaint chuige lena tionchar a úsáid ar an Rúis ionas nach n-ionsófar an Úcráin.

The US wants the crisis to be discussed at the UN Security Council on Monday.

Teastaíonn ó SAM go bpléifí an ghéarchéim ag Comhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe Dé Luain.

The US says the way in which Russian troops have gathered at the Ukrainian border is a major threat to international peace.

Deir SAM gur bagairt mhór don tsíochán go hidirnáisiúnta an bealach a bhfuil trúpaí Rúiseacha bailithe ag theorainn na hÚcráine.

America has said that a war in Ukraine would not help China either.

Tá sé ráite ag Meiriceá nach aon chabhair don tSín ach oiread é go mbeadh sé ina chogadh san Úcráin.

Russia, however, says it has no recollection of attacking Ukraine, and that Western countries are adding to tensions in the region thanks to their statements.

Deir an Rúis áfach nach bhfuil aon chuimhne aige an Úcráin a ionsaí, agus gurb iad tíortha an Iarthair atá ag cur leis an teannas sa réigiún a bhuíochas dá gcuid ráiteas.

Leave a Reply