20220130_IRISH_an_baol_ann_go_bhfeadfai_fail_reidh_le_riachtanas_na_gaeilge



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ycob92ue

The danger that the Irish language requirement could be eliminated.

An baol ann go bhféadfaí fáil réidh le riachtanas na Gaeilge.

There is a danger that the Irish language requirement for promotion could be completely eliminated in the public service.

Tá an baol ann go bhféadfaí fáil réidh ar fad sa tseirbhís phoiblí leis an riachtanas Gaeilge don ardú céime.

This is according to documents released to the Tuairisc.ie website under the Freedom of Information Act.

Sin de réir cáipéisí a scaoileadh leis an suíomh idirlín Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

It outlines how the Irish language requirement for promotion in An Garda Síochána was removed.

Luaitear ann an bealach a bhfuarthas réidh leis an riachtanas Gaeilge do ardú céime sa nGarda Síochána.

Among the reasons suggested in that case was the view that the Irish language could be a barrier to people with dyslexia – and to people from other countries.

I measc na gcúiseanna ar moladh sa chás sin bhí an tuairim go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith ina bac ar dhaoine a bhfuil disléicse orthu – agus ar dhaoine ó thíortha eile.

An education expert says that there is a danger that this attitude will spread among the public service and that this will open the door for recruiters to eliminate the Irish language requirement in other professions.

Deir saineolaí oideachais go bhfuil baol ann go scaipfidh an dearcadh sin i measc na seirbhíse poiblí agus go bhfágfaidh sin an doras ar oscailt do lucht earcaíochta deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge i ngairmeacha eile.

The requirement for gardaí wishing to be promoted to sergeants or inspectors to remove more than 50% in the oral Irish test was abolished 7 months ago.

Cuireadh deireadh 7 mí ó shin leis an riachtanas go mbeadh ar ghardaí ar mhian leo ardú céime go sáirsintí nó cigirí breis agus 50 faoin gcéad a fháil i mbéaltriail na Gaeilge.

But more information has emerged about the process by which that decision was made.

Ach tá níos mó eolais tagtha chun cinn faoin bpróiséas faoina dtángthas ar an gcinneadh sin.

It seems that a policy being drafted in the Department of Justice in 2018 questioned the value of Irish as a requirement for sergeants or inspectors.

Is cosúil gur i bpolasaí a bhí á dhréachtadh sa Roinn Dlí agus Cirt i 2018 a ceistíodh an luach a bhaineann le Gaeilge mar riachtanas do sháirsintí nó cigirí.

It was stated that the Irish language requirement would preclude people with dyslexia who had received an exemption from Irish at school and foreigners who had not studied Irish.

Luadh go gcuirfeadh an riachtanas Gaeilge bac ar dhaoine go bhfuil disléicse orthu agus a raibh díolúine ón nGaeilge faighte acu ar scoil agus ar eachtrannaigh nach ndearna staidéar ar an nGaeilge.

Professor Pádraig Ó Duibhir is an education expert at DCU.

Tá an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ina shaineolaí oideachais i DCU.

He is of the opinion that there is a danger that this thinking will open doors for the recruiters to eliminate the requirement for Irish in other professions as well.

Tá seisean den tuairim go bhfuil baol ann go n-osclaíonn an smaointeoireacht seo doirse don lucht earcaíochta deireadh a chur le riachtanas Gaeilge i ngairmeacha eile freisin.

It also states that there is a misunderstanding about dyslexia and its barriers to language learning ….

Deir sé freisin go bhfuil míthuiscint ann maidir le disléicse agus maidir leis an mbac a chuireann sé ar leanaí ó thaobh fhoghlaim teangacha de….

Meanwhile, over 700 Gardaí have indicated their willingness to wear a ring to show the public that they are willing to provide a service through Irish.

Idir an dá linn, tá breis agus 700 Garda i ndiaidh a léiriú go bhfuil siad sásta fáinne a chaitheamh lena léiriú don phobal go bhfuil siad sásta seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil dóibh.

Leave a Reply