20211230_IRISH_”ceachtanna_foghlamtha”_o_theacht_le_cheile_le_linn_srianta



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y2z58wkh

” Lessons Learned ” from coming together during restraints.

”Ceachtanna Foghlamtha” ó theacht le chéile le linn srianta.

Department of Foreign Affairs says lessons have been learned since a picture emerged showing some officials from the Department of Foreign Affairs’ UN Security Council Campaign Team standing together for an indoor photo in June last year and the prospect of regulations They surpass Covid-19.

Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil ceachtanna foghlamtha ó tháinig pictiúr chun solais ag taispeáint roinnt oifigeach ó Fhoireann Feachtais Chomhairle Slándála Náisiún Aontaithe na Roinne Gnóthaí Eachtracha ag seasamh le chéile do ghrianghraf faoi dhíon i Mí an Mheithimh anuraidh agus an chosúlacht ar chúrsaí go raibh rialacháin covid 19 á shárú acu.

The picture was published in the Irish Daily Star Newspaper, the Daily Mail and the Irish Mirror.

Foilsíodh an pictiúr i Nuachtán an Irish Daily Star, sa Daily Mail agus san Irish Mirror.

In a statement this morning, a spokesman for the Department said steps had been taken following the staff’s recklessness 18 months ago at Iveagh House on 17 June 2020.

I ráiteas ar maidin inniu, dúirt urlabhraí ón Roinn go raibh céimeanna tógtha i ndiaidh don bhfoireann a bheith neamhairdeallach 18 mí dhéag ó shin ag Teach Iveagh ar an 17ú Meitheamh 2020.

They have been celebrating since this country won a seat on the UN Security Council.

Bhí ceiliúradh ar bun acu ó bhuaigh an tír seo suíochán ar Chomhairle Slandála na Náisiún Aontaithe.

The spokesman said if this country did not win the seat the staff would not work through the night to campaign for the second vote the next day.

Dúirt an t-úrlabhraí muna raibh an suíochán buaite ag an tír seo nach mbeadh an fhoireann ag obair i rith na hoíche chun a bheith i mbun feachtasaíochta don dara vóta an lá ina dhiaidh.

It was stated that it was 18 months ago and that steps have been taken to ensure that lessons have been learned.

Dúradh gur 18 mí dhéag ó shin a bhí ann agus go bhfuil céimeanna tógtha chun a chinntiú go bhfuil ceachtanna foghlamtha.

Phase 2 of the Government’s reopening plan was in place in this country at that stage and under the restrictions in place to stop the spread of the virus, people were only allowed to reunite with up to six others outside. for their own household, indoors or outdoors.

Bhí Céim 2 do phlean athoscailte an Rialtais i bhfeidhm sa tír seo ag an staid sin agus faoi na srianta a bhí i bhfeidhm chun stop a chur le scaipeadh an víris, ní raibh cead ag daoine ach teacht le chéile le suas le seisear eile taobh amuigh dá líon tí féin, taobh istigh faoi dhíon nó taobh amuigh faoin aer.

People were encouraged to work from home as much as possible and travel restrictions were also in place and people were only allowed to travel within their own county or 20 kilometers from home.

Bhíothas ag moladh do dhaoine obair ón mbaile chomh mór agus a d’fhéadfaí agus bhí srianta taistil i bhfeidhm chomh maith agus cead ag daoine taisteal taobh istigh dá gcontae féin amháin nó 20 ciliméadar ó bhaile.

TD Paul Murphy of the Non-Profit Community Alliance said the officials’ actions showed they thought the rules did not apply to them.

Dúirt an Teachta Dála Paul Murphy ón gComhaontas Pobal Seachas Brábus gur léirigh gníomhaíocht na n-oifigeach gur cheap siad nár bhain na rialacha leo féin.

Leave a Reply