20211229_IRISH_seachtar_basaithe,_seisear_gortaithe_i_dtionoisci_le_dha_la_anuas



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y3x5zuug

Seven killed, six injured in accidents in the last two days.

Seachtar básaithe, seisear gortaithe i dtionóiscí le dhá lá anuas.

Seven have died and six have been injured in road accidents in the country over the past two days.

Tá seachtar tar éis bháis agus gortaíodh seisear i dtionóiscí bóthair sa tír le dhá lá anuas.

Before Christmas Eve, a total of 128 people had died on the country’s roads this year.

Roimh Oíche Nollag, bhí 128 duine ar fad tar éis bháis ar bhóithre na tíre i mbliana.

In the latest accident, a man in his thirties was killed in County Wicklow when a bus and a car collided on the M11 last night, between junctions 16 and 17 at Rathnew.

Sa tionóisc is déanaí, maraíodh fear sna tríochaidí i gContae Chill Mhantáin nuair a bhuail bus agus gluaisteán faoina chéile ar an M11 aréir, idir acomhal 16 agus 17 ag Ráth Naoi.

Meanwhile, a man died in a road accident in County Mayo yesterday evening.

Idir an dá linn, bhásaigh fear i dtimpiste bhóthair i gContae Mhaigh Eo tráthnóna inné.

He was a passenger in one of two vehicles that collided.

Bhí sé ina phaisinéir i gceann do dhá fheithicil a bhuail faoina chéile.

The incident took place at around 5.30pm on the Castlebar to Walla road.

Tharla an eachtra timpeall ar 5.30pm ar an mbóthar ó Chaisleán an Bharraigh go Balla.

Several other passengers in the other vehicles were injured.

Gortaíodh roinnt paisinéirí eile a bhí sna feithiclí eile.

In Dublin yesterday, a cyclist in Ballyfermot was killed when a car and a bicycle collided.

I mBaile Átha Cliath inné, maraíodh rothaí i mBaile Formaid nuair bhuail gluaisteán agus rothar faoina a chéile.

The man in his eighties was the seventh rider to be killed on country roads this year.

Bhí an fear sna hochtóidí ar an seachtú rothaí a maraíodh ar bhóithre na tíre i mbliana.

Yesterday, three men in their twenties died and one man was injured in County Tyrone when a car and a lorry collided on the Omagh road in the Garvagh area.

Inné, bhásaigh triúr fear sna fichidí agus gortaíodh fear amháin eile i gContae Thír Eoghain nuair a bhuail gluaisteán agus leoraí faoina chéile ar bhóthar na hÓmaí i gceantar Gharbhachaidh.

Another man in his twenties was killed when two vehicles collided in County Wexford on Wren Day and a woman in her fifties was seriously injured.

Maraíodh fear eile sna fichidí nuair a bhuail dhá fheithicil faoina chéile i gContae Loch Garman, Lá an Dreoilín agus gortaíodh bean sna caogaidí go dona.

Seven deaths, six injuries in accidents in the last two days

Seachtar básaithe, seisear gortaithe i dtionóiscí le dhá lá anuas

Leave a Reply