20211201_IRISH_toradh_diultach_ar_thastail_covid_de_dhith_ar_phaisineiri_feasta



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yyalzbr2

Passengers now need a negative Covid test result.

Toradh diúltach ar thástáil Covid de dhíth ar phaisinéirí feasta.

From next Friday, people coming to Ireland from abroad will have to prove that they tested negative for the Covid-19 test shortly before coming to this country.

Ón Aoine seo chugainn, beidh ar dhaoine a thagann go hÉirinn ón iasacht a chruthú go bhfuair siad toradh diúltach ar thástáil covid 19 go gairid roimh theacht chun na tíre seo dóibh.

If they have taken an antigen test, they must prove that they did it a maximum of 48 hours in advance.

Más tástáil antaigine a rinne siad, ní mór dóibh a chruthú go ndearna siad é 48 uair an chloig ar a mhéad roimhe sin.

It is a maximum of 72 hours if they have taken a Polymerase Chain Reaction (ISP) test.

72 uair an chloig ar a mhéad atá i gceist más tástáil um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise (ISP) a rinne siad.

These rules apply to passengers from all countries, including Britain.

Baineann na rialacha seo le paisinéirí ó gach aon tír, an Bhreatain san áireamh.

The Department of Transport is in talks with airlines and ferry companies about setting up a strict vetting system.

Tá an Roinn Iompair i mbun cainteanna le haerlínte agus comhlachtaí farantóireachta faoi chóras docht seiceála a bhunú.

The Government is due to introduce legislation in the Dáil tomorrow as well as reintroducing compulsory quarantine in hotels.

Tá an Rialtas le reachtaíocht a chur faoi bhráid na Dála arú amárach chomh maith le coraintín éigeantach in óstáin a thabhairt isteach arís.

Leave a Reply