20210925_IRISH_fiosruchan_ar_siul_maidir_le_heitlean_a_tuirlingiodh_de_thuairt



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ygr3ck5v

Inquiry into crash landing.

Fiosrúchán ar siúl maidir le heitleán a tuirlingíodh de thuairt.

An investigation is underway into the incident that occurred yesterday on the beach at Carnhead in Wexford when a small plane crashed.

Tá fiosrúchán ar siúl maidir leis an eachtra a tharla inné ar an trá ar Cheann an Chairn i Loch Garman nuair a tuirlingíodh eitleán beag de thuairt.

There were four on the plane, two men and two women.

Bhí ceathrar ar an eitleán, beirt fhear agus beirt bhan.

They were injured but not in danger of death.

Gortaíodh iad ach níl siad i mbaol báis.

The incident happened yesterday afternoon around 5:10 pm.

Tharla an eachtra tráthnóna inné thart ar 5:10pm.

Staff from the Air Accident Investigation Unit began an on-site investigation last night.

Chuir foireann ón Aonad Imscrúdaithe ar Aerthimpistí tús le fiosrúchán ar an láthair aréir.

The leader of that unit, Jurgen Whyte, said they do not yet know what caused the incident.

Dúirt ceannaire an aonaid sin, Jurgen Whyte, nach bhfuil a fhios acu go fóill céard a ba chúis leis an eachtra.

They are investigating whether one of the engines was faulty. It is understood that those on board were involved in wildlife research off the Wexford coast.

Tá siad ag fiosrú arbh amhlaidh go raibh locht ar cheann amháin de na hinnill Tuigtear go raibh na daoine a bhí ar bord ag glacadh páirte i dtaighde fiadhúlra amach ó chósta Loch Garman.

Leave a Reply