20210924_IRISH_iospha_naisiunta_le_hardu_as_seo_go_ceann_bliana



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ydpkcf7m

National minimum wage to be raised “for one year”.

Íosphá náisiúnta le hardú “as seo go ceann bliana”.

Tánaiste Leo Varadkar announced in the Dáil that the national minimum wage will be raised over the next year.

Thug an Tánaiste Leo Varadkar le fios sa Dáil go n-ardófar an t-íosphá náisiúnta as seo go ceann bliana.

He gave no hint, however, about how much will be added.

Níor thug sé aon leid, áfach, faoi cé mhéad a chuirfear leis.

The national minimum wage is currently € 10.20 per hour.

€10.20 san uair atá san íosphá náisiúnta faoi láthair.

It was previously € 10.10 per hour but was increased on 1 January this year.

€10.10 san uair a bhí ann roimhe sin ach ardaíodh é ar an 1 Eanáir i mbliana.

The Low Pay Commission has submitted a report to Government which it proposes to increase the minimum wage to € 10.50.

Tá tuarascáil curtha faoi bhráid an Rialtais ag an gCoimisiún um Pá Íseal agus tuigtear go moltar inti an t-íosphá a ardú go dtí €10.50.

The Low Pay Commission was set up five years ago.

Bunaíodh an Coimisiún um Pá Íseal cúig bliana ó shin.

Trade unions, employers and advocacy groups are involved and there is often disagreement between these different groups over the issue of the national minimum wage.

Ceardchumainn, fostóirí agus grúpaí abhcóideachta atá páirteach ann agus is minic easaontas a bheith idir na dreamanna éagsúla sin faoi cheist an íosphá náisiúnta.

The issue is currently very timely in light of the difficulties of childcare centers in recruiting and retaining workers due to the low pay in the sector.

Tá an cheist an-tráthúil faoi láthair i bhfianaise na ndeacrachtaí atá ag ionaid chúraim leanaí oibrithe a earcú agus a choinneáil mar gheall ar an bpá íseal san earnáil.

Leo Varadkar also indicated in the Dáil that the Government is looking at raising the fuel allowance, old age pension and social welfare payments in next month ‘s Budget.

Thug Leo Varadkar le fios freisin sa Dáil go bhfuil an Rialtas ag breathnú ar an liúntas breosla, an pinsean seanaoise agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh a ardú sa Bhuiséad an mhí seo chugainn.

Leave a Reply