Podcast: Play in new window | Download (Duration: 4:23 — 1.0MB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yhjmty55
Two men killed in road accident in Co. Meath.
Beirt fhear maraithe i dtubaiste bóthair i gCo na Mí.
Two men were killed when three vehicles collided in Co Meath this morning.
Maraíodh beirt fhear nuair a bhuail trí fheithicil faoina chéile i gCo na Mí ar maidin.
The crash happened on the R152 road in Kenog, Duleek, in the north – east of the county at around 6.40.
Tharla an tubaiste ar bhóthar an R152 i gCianóg, Damhliag, in oirthuaisceart an chontae ag thart ar 6.40.
A van driver died on the spot.
Bhásaigh tiománaí veain ar an mball.
He was a man in his forties.
Fear sna daichidí a bhí ann.
A car driver – a man in his thirties – was taken to hospital in Drogheda, where he died shortly afterwards.
Tugadh tiománaí gluaisteáin – fear sna tríochaidí – chun an ospidéil i nDroichead Átha, mar ar bhásaigh sé go luath ina dhiaidh sin.
No one else was reported seriously injured.
Níor tuairiscíodh aon duine eile a bheith gortaithe go dona.
Gardaí are appealing for anyone traveling on the road between 6.20 and 6.50 to contact them.
Tá na Gardaí ag achainí ar aon duine a bhí ag taisteal ar an mbóthar idir 6.20 agus 6.50 teagmháil a dhéanamh leo.