20210821_IRISH_triur_saoranach_eireannach_eile_tugtha_amach_as_an_afganastain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yjuvb9jb

Three other Irish citizens evacuated from Afghanistan.

Triúr saoránach Éireannach eile tugtha amach as an Afganastáin.

The Department of Foreign Affairs has confirmed that three other Irish citizens have been deported from Afghanistan.

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil triúr saoránach Éireannach eile tugtha amach as an Afganastáin.

The three were not told in person, as the three left Kabul Airport.

Ní dúradh ar in éindí nó ina nduine is ina nduine a d’imigh an triúr as Aerfort Chabúl.

Six Irishmen have been evacuated from Afghanistan to date since the Taliban’s return to power, including Co Meath charity worker Aoife MacManus.

Seisear Éireannach atá tugtha amach as an Afganastáin go dtí seo ó tháinig an Talaban i réim arís, an t-oibrí carthanachta as Co na Mí Aoife MacManus ina measc.

The Department stated that 35 Irish citizens and their dependents are still waiting to leave Afghanistan but no details can be provided at this time.

Dúirt an Roinn go bhfuil 35 saoránach Éireannach agus a gcuid cleithiúnaithe fós ag fanacht leis an Afganastáin a fhágáil ach nach féidir aon mhioneolas a thabhairt fúthu ag an tráth seo.

The Department confirmed that there are no Irish diplomats in Afghanistan but stated that the Irish Embassy in Abu Dhabi is working with other EU member states and diplomats from other countries based in Kabul.

Dheimhnigh an Roinn nach bhfuil aon taidleoirí Éireannacha san Afganastáin ach dúradh go bhfuil Ambasáid na hÉireann in Abú Daibí ag obair i gcomhar le ballstáit eile an Aontais Eorpaigh agus le taidhleoirí ó thíortha eile atá lonnaithe i gCabúl.

The Department said it hoped to bring more Irish out of the country in the next few days but found it very difficult to get to Kabul airport.

Dúirt an Roinn go bhfuil súil acu tuilleadh Éireannach a thabhairt amach as an tír as seo go ceann roinnt laethanta ach go bhfuil sé an-deacair dul isteach san aerfort i gCabúl.

The Department also indicated that a small number of Irish citizens remain in Afghanistan despite the crisis there.

Thug an Roinn le fios chomh maith go bhfuil líon beag saoránach Éireannach le fanacht san Afganastáin ainneoin na géarchéime ansin.

These, it was said, are people who work for the United Nations and other international organizations.

Is daoine iad seo, a dúradh, atá ag obair do na Náisiúin Aontaithe agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Leave a Reply