20210819_IRISH_taidhleoiri_ag_cabhru_le_33_saoranach_eireannach_san_afganastain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yh2oc99p

Diplomats helping 33 Irish citizens in Afghanistan.

Taidhleoirí ag cabhrú le 33 saoránach Éireannach san Afganastáin.

Minister Simon Coveney has confirmed that the Department of Foreign Affairs is assisting 33 Irish citizens to leave Afghanistan.

Tá sé deimhnithe ag an Aire Simon Coveney go bhfuil an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag cabhrú le 33 saoránach de chuid na hÉireann imeacht as an Afganastáin.

Speaking on Newstalk radio station, Simon Coveney said that the diplomats of this country are working on behalf of 25 adults and eight dependents with Irish passports who want to leave Afghanistan.

Ag labhairt dó ar stáisiún raidió Newstalk, dúirt Simon Coveney go bhfuil taidhleoirí na tíre seo ag obair ar son 25 duine fásta agus ochtar cleithiúnach leo a bhfuil pasanna Éireannacha acu agus atá ag iarraidh imeacht as an Afganastáin.

It is understood that Aoife MacManus, a woman from Co Meath, is among them.

Tuigtear go bhfuil bean as Co na Mí Aoife MacManus ina measc.

In an interview with RTÉ / TG4 News yesterday, her parents Jenny and Ray Mac Mánais said that Aoife is currently in Kabul Airport, where she is waiting to board a flight that will take her out of Afghanistan.

In agallamh le Nuacht RTÉ/TG4 inné, dúirt a tuismitheoirí Jenny agus Ray Mac Mánais go bhfuil Aoife in Aefort Chabúl faoi láthair, mar a bhfuil sí ag fanacht le dul ar eitleán a thabharfas amach as an Afganastáin í.

Thousands of people have been fleeing Afghanistan since the Taliban recaptured the capital Kabul last Sunday.

Tá na mílte daoine ag teitheadh ón Afganastáin ó ghlac an Talaban seilbh arís ar an bpríomhchathair Cabúl Dé Domhnaigh seo caite.

Skilled people and women in particular are afraid that they will not have the same human and work rights under the Islamic Taliban regime as they did under the previous government.

Tá faitíos ar dhaoine oilte agus ar mhná ach go háirithe nach mbeidh na cearta daonna agus oibre céanna acu faoi réimeas Ioslamach an Talaban agus a bhí faoin iar-rialtas.

The Taliban have called on skilled people not to leave the country and promised not to violate the human rights of any group.

Tá iarrtha ag an Talaban ar dhaoine oilte gan an tír a fhágáil agus gheall siad nach sáróidh siad cearta daonna aon ghrúpa.

Leave a Reply