20210818_IRISH_go_dtuga_dia_slan_abhaile_i!_-_athair_aoife_macmanus



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yeuum9oy

“God bless her home!” – father of Aoife MacManus.

“Go dtuga Dia slán abhaile í!” – athair Aoife MacManus.

Northwest Reporter The family of Aoife MacManus, an Irish woman living in Kabul, Afghanistan, have said they have slept little since the Taliban took control of the city again.

Tuairisceoir an Iarthuaiscirt Dúirt muintir Aoife MacManus, bean Éireannach atá ag cur fúithi i gCabúl san Afganastáin, gur beag codladh atá déanta acu ó ghlac an Talaban ceannas arís ar an chathair.

Jenny and Ray Mac Mánais said that they hope that Aoife will return home safe and sound soon and that she is far from them.

Dúirt Jenny agus Ray Mac Mánais go bhfuil súil acu go dtiocfaidh Aoife abhaile slán sábháilte gan mhoill agus gur fada leo uathu í.

Aoife MacManus hails from Ashbourne, Co. Meath and has worked in the primary education sector in Afghanistan for two years.

Is as Cill Dhéagláin i gCo na Mí í Aoife MacManus agus tá sí obair san earnáil bhunoideachais san Afganastáin le dhá bhliain.

She indicated, however, that she now wants to return home and hopes to be out of the country in a day or two.

Thug sí le fios, áfach, go bhfuil sí ag iarraidh pilleadh abhaile anois agus go bhfuil súil aici a bheith imithe as an tír faoi cheann lá nó dhó.

She is currently in Kabul Airport, where she is waiting to board a plane that will take her out of Afghanistan.

Tá sí in Aefort Chabúl faoi láthair, mar a bhfuil sí ag fanacht le dul ar eitleán a thabharfas as an Afganastáin í.

Jenny and Ray Mac Mánais Her father Ray Mac Manáis is a well – known Irish language writer and teacher from Ard Eoin in Belfast who has published a biography of former Irish President Mary McAleese.

Jenny agus Ray Mac Mánais Is scríbhneoir agus múinteoir aitheanta Gaeilge as Ard Eoin i mBéal Feirste é a hathair Ray Mac Manáis a bhfuil beathaisnéis iarUachtarán na hÉireann Máire Mhic Ghiolla Íosa foilsithe aige.

In an interview with RTÉ / TG4 News, Jenny and Ray said that they are very worried about Aoife.

In agallamh le Nuacht RTÉ/TG4, dúirt Jenny agus Ray go bhfuil an-imní orthu faoi Aoife.

“We were scared out of our lives and we are still scared,” Jenny said.

“Bhí muid scanraithe as ár mbeatha agus tá muid fós scanraithe,” a dúirt Jenny.

They said that although Aoife is a fun and hurtful person she is also very strong.

Dúirt siad cé gur duine spraíúil agus goilliúnach í Aoife go bhfuil sí an-láidir fosta.

She is a person, they said, who works well with others and that will stand her in good stead for her.

Is duine í, a dúirt siad, a oibríonn go maith i gcomhar le daoine eile agus agus go seasfaidh sin di sa riocht ina bhfuil sí faoi láthair.

Her father Ray remembers watching a news report from Afghanistan: “As the map changed color and the Taliban took over and more of the country in their possession, we became increasingly concerned.

Is cuimhin lena hathair Ray a bheith ag breathnú ar thuairisc nuachta as an Afganastáin: “De réir mar a bhí an léarscáil ag athrú datha agus an Talaban ag glacadh níos mó agus níos mó den tír ina seilbh, bhí imní níos mó ag teacht orainn.

“When whatever city in the south of the country collapsed and the reporter said that between Taliban and Kabul was only 120 kilometers of motorway, tension came in my stomach.

“Nuair a thit cibé cathair i ndeisceart na tíre agus a dúirt an tuairisceoir nach raibh idir an Talaban agus Cabúl ach 120 ciliméadar de mhótarbhealach, tháinig teannas i mo bholg.

“She [Aoife] did not want us to be scared, but she was and is and will be coming back out of the country ‘s airspace.

“Ní raibh sise [Aoife] ag iarraidh go mbeadh muid scanraithe, ach bhí agus tá agus beidh go dtiocfaidh sí ar ais amach as aerspás na tíre.

Ray said that Aoife is very brave and firm in her views and that determination will stand her in good stead: “Even though we talk to her regularly, five or six times a day, we know in our hearts that she would not. happy to tell us she is in danger.

” Dúirt Ray go bhfuil Aoife an- chróga agus daingean ina cuid tuairimí agus go seasfaidh an diongbháilteacht sin di: “Cé go mbíonn muid ag caint léi go rialta, cúig nó sé huaire sa lá, tá a fhios againn inár gcroí istigh nach mbeadh sí sásta a insint dúinn go bhfuil sí i gcontúirt.

“She would always say that she is in a place that is safe and secure.

“Déarfadh sí i gcónaí go bhfuil sí in áit atá daingean agus sábháilte.

I know we need to put our trust in God.

Tá a fhios agam go gcaithfidh muid ár muinin a chur i nDia.

God bless her home! “

Go dtuga Dia slán abhaile í!”

Leave a Reply