20210817_IRISH_cuigear_ar_a_laghad_marbh_ag_aerfort_kabul_san_afganastain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ygcydvpw

At least five dead at Afghanistan Kabul Airport.

Cúigear ar a laghad marbh ag Aerfort Kabul san Afganastáin..

Afghanistan is said to have killed at least five people at Kabul Airport.

Deirtear ón Afganastáin go bhfuil cúigear ar a laghad marbh ag Aerfort Kabul.

There has been chaos in the place for some time since the crowds gathered there trying to flee as the Taliban are now in apparent control of the country.

Tá anord ceart san áit le tamall ó bhailigh na sluaite ansin ag iarraidh teitheadh mar go bhfuil an Taliban anois i gceannas na tíre is léir.

Not sure what happened.

Níltear cinnte céard a tharla.

American forces are then at the airport trying to maintain some control of the north-west, and to ensure the safe return of American diplomats and other embassy workers to America who worked in the capital.

Tá fórsaí Mheiriceá ansin ag an aerfort ag iarraidh smacht éigin a choinneáil ar an chíor thuathail, agus lena chinntiú go gcuirtear abhaile slán sábháilte taighleoirí agus oibrithe ambasáide eile le Meiriceá a bhí ag obair sa phríomhchathair.

American soldiers had previously fired several shots into the air, as a crowd of people wanted to board military planes.

Scaoil saighdiúírí Mheiriceá roinnt urchar san aer roimhe sin, mar go raibh slua daoine ag iarraidh eitleáin mhíleata a bhordáil.

Many of the civilians in Afghanistan want to flee At present, these evacuation flights have stopped, the crowd of people being cleared from the airport grounds.

Go leor den chosmhuintir san Afganastáin ag iarraidh teitheadh leo Faoi láthair, tá na heitiltí aslonnaithe seo stoptha, go nglanfar an slua daoine ó thalamh an aerfoirt.

That’s according to information provided by a U.S. official.

Sin de réir eolais atá tugtha ag oifigeach de chuid na Stát Aontaithe.

The Taliban claim to be in power in Afghanistan, since the country’s capital, Kabul, came under its control yesterday.

Tá an Taliban ag maíomh gurb é atá i gcumhacht anois san Afganastáin, ó tháinig príomhchathair na tíre,Kabul faoina cheannas inné.

President Ashraf Ghani has fled the country.

Tá an t-Uachtarán Ashraf Ghani tar éis teitheadh ón tír.

There is now great international concern about the future of Afghanistan.

Tá imní mhór ann anois go hidirnaisiúnta maidir lena bhfuil i ndán don Afganastáin.

Concerns now over Taliban power On RTÉ radio program ‘Morning Ireland’ this morning, Conservative MP Tom Tugendhat said this was a catastrophic failure in British and US foreign policy.

Imní anois faoi chumhacht an Taliban Ar an gclár raidió de chuid RTÉ ‘Morning Ireland’ ar maidin dúirt feisire de chuid na gCaomhach,Tom Tugendhat gur teip thubaisteach ab ea é seo i bpolasaí gnóthaí eachtracha na Breataine agus na Stát Aontaithe.

Mr Tugendhat is a man who spent 4 years in Afghanistan while in the British army.

Fear é an tUasal Tugendhat a chaith 4 bliana san Afganastáin agus é in arm na Breataine.

Taliban fighters in Kabul He said American President Joe Biden has joined NATO in particular in the failure of the Afghan people.

Trodairí Taliban i Kabul Dúirt seisean go bhfuil Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden i dteannta NATO go speisialta tar éis loiceadh ar phobal na hAfganastáine.

‘Ashraf Ghani’s Presidency also failed’ he said ‘.

‘Theip freisin’ a dúirt sé ‘ar Uachtaránacht Ashraf Ghani’.

‘Many of my friends over there are doomed to death if they are not helped,’ said Tom Tugendhat.

‘Níl i ndán do chuid mhaith de mo chairde thall ansin anois ach an bás mura dtagtar i gcabhair orthu’ a dúirt Tom Tugendhat.

Leave a Reply