20210816_IRISH_taliban_ag_maiomh_go_bhfuil_se_i_gcumhacht_san_afganastain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yeo39m8z

Taliban claim to be in power in Afghanistan.

Taliban ag maíomh go bhfuil sé i gcumhacht san Afganastáin.

The Taliban claim to be in power in Afghanistan.

Tá an Taliban ag maíomh gurb é atá i gcumhacht anois san Afganastáin.

President Ashraf Ghani has fled the country.

Tá an t- Uachtarán Ashraf Ghani tar éis teitheadh ón tír.

It was a riot at Kabul Airport this morning, where thousands of people in the country were trying to board a plane and flee.

Bhí sé ina chíorthuathail in Aerfort Kabul ar maidin, áit a raibh na mílte duine sa tír ag iarraidh dul ar bord eitleáin agus teitheadh.

Soldiers from the United States are desperately trying to maintain order at the airport in the capital.

Tá saighdiúirí óna Stáit Aontaithe ar a ndícheall ag iarraidh ord agus eagar a choinneáil ag an aerfort sa phríomhchathair.

The Taliban have declared war in the country now that it has taken possession of Kabul.

D’fhógair an Taliban go bhfuil an chogaíocht thart sa tír anois ó tá seilbh faighte aige ar Kabul.

There is now great international concern about the future of Afghanistan.

Tá imní mhór ann anois go hidirnaisiúnta maidir lena bhfuil i ndán don Afganastáin.

Concerns now over Taliban power On RTÉ radio program ‘Morning Ireland’ this morning, Conservative MP Tom Tugendhat said this was a catastrophic failure in British and US foreign policy.

Imní anois faoi chumhacht an Taliban Ar an gclár raidió de chuid RTÉ ‘Morning Ireland’ ar maidin dúirt feisire de chuid na gCaomhach,Tom Tugendhat gur teip thubaisteach ab ea é seo i bpolasaí gnóthaí eachtracha na Breataine agus na Stát Aontaithe.

Mr Tugendhat is a man who spent 4 years in Afghanistan while in the British army.

Fear é an tUasal Tugendhat a chaith 4 bliana san Afganastáin agus é in arm na Breataine.

He said that American President Joe Biden has joined NATO in particular in the failure of the Afghan people.

Dúirt seisean go bhfuil Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden i dteannta NATO go speisialta tar éis loiceadh ar phobal na hAfganastáine.

‘Ashraf Ghani’s Presidency also failed’ he said ‘.

‘Theip freisin’ a dúirt sé ‘ar Uachtaránacht Ashraf Ghani’.

‘Many of my friends over there are doomed to death if they are not helped,’ said Tom Tugendhat.

‘Níl i ndán do chuid mhaith de mo chairde thall ansin anois ach an bás mura dtagtar i gcabhair orthu’ a dúirt Tom Tugendhat.

Leave a Reply