20210816_IRISH_lamhachoir_ainmnithe_ag_muintir_keyham_tar_eis_na_heachtra_areir



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yjr4qj9q

A shooter named by the Keyham family after last night’s incident.

Lámhachóir ainmnithe ag muintir Keyham tar éis na heachtra aréir.

Six people were killed in an incident in Plymouth in the south-west of England, police there say.

Maraíodh seisiúr in eachtra in Plymouth in iardheisceart Shasana, a deir na poilíní ansin.

They died as a result of their release.

Fuair siad bás de bharr a scaoilte.

Five people died at the scene, including the shooter.

Fuair cúigear bás ar an láthair, an lámhachóir ina measc.

Another woman was taken to hospital but later died.

Tugadh bean eile go dtí an t-ospidéal ach cailleadh í ina dhiaidh sin.

A young girl under the age of ten is understood to have been among the dead.

Tuigtear go raibh cailín óg faoi bhun deich mbliana d’aois i measc na marbh.

Locals have named a shooter.

Tá lámhachóir ainmnithe ag muintir na háite.

His name was Jake Davison and he was 22 years old.

Jake Davison ab ainm dó agus bhí sé 22 bliain d’aois.

Police said they are not looking for anyone else in connection with the incident.

Thug na poilíní le fios nach bhfuil siad ag lorg aon duine eile i dtaca leis an eachtra.

They also say that terrorism had nothing to do with what happened.

Deir siad freisin nach raibh aon bhaint ag sceimhlitheoireacht leis an méid a tharla.

Others were reported injured in the incident and are being treated in hospital.

Tuairiscítear gur gortaíodh daoine eile san eachtra agus go bhfuil cóir leighis á cur orthu san ospidéal.

The incident happened shortly after 6pm on Thursday.

Tharla an eachtra go gairid tar éis 6pm ar an Déardaoin.

Emergency services were called and attended a scene at Biddick Drive in Keyham.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála agus d’fhreastail siad ar láthair ar Chéide Biddick in Keyham.

Witnesses say they heard a shooting noise and saw a man randomly firing at people.

Deir finnéithe gur chuala siad torann lámhaigh agus go bhfaca siad fear ag scaoileadh go randamach le daoine.

The site has been preserved by the police and technical examinations are being carried out.

Tá an láthair caomhnaithe ag na poilíní agus tá scrúdaithe teicniúla á ndéanamh.

Traffic has been diverted through the village.

Tá an trácht curtha ar mhalairt slí tríd an sráidbhaile.

Community support is being provided there.

Tá tacaíocht á cur ar fáil don phobal ansin.

People who took images of the incident or the period immediately following are asked not to post them on social media to pay homage to the dead.

Iarrtar ar dhaoine a ghlac íomhánna den eachtra nó den tréimhse díreach ina diaidh gan iad a chur ar na meáin shóisialta le hómós a léiriú ar na mairbh.

Leave a Reply