20210815_IRISH_fear_as_luimneach_le_seoladh_timpeall_an_domhain_ina_luamh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yhbp5ryc

Limerick man to sail around the world in his yacht.

Fear as Luimneach le seoladh timpeall an domhain ina luamh.

A man, a native of Limerick City, is making the final preparations for a trip around the world in his yacht.

Tá fear, gurb as Cathair Luimnigh ó dhúchas dó, ag déanamh na n-ullmhúchán deireanach chun tabhairt faoi thuras timpeall an domhain ina luamh.

Peter Lawless wants to be the first Irishman to ever sail around the world on his own.

Ta Peter Lawless ag iarraidh a bheith ar an gcéad Éireannach riamh le seoladh timpeall an domhain gan stad ina aonar.

Peter Lawless is 52 years old and has spent two years preparing for his major journey around the world.

Tá Peter Lawless 52 bliain d’aois agus tá dhá bhlian caite aige ag ullmhú dá mhór-aistear timpeall an domhain.

In his yacht, which is 41 feet long, he is embarking on a journey around the globe.

Ina luamh, atá 41 troigh ar fad, atá sé ag tabhairt faoin turas timpeall na cruinne.

He has been preparing for this sea challenge for two years with his boat ready for the great seas ahead.

Tá sé ag ullmhú don dushlán farraige seo le dhá bhliain agus an bád réitithe aige do na farraigí móra atá roimhe.

He is a native of the sea and sailing.

Tá an fharraige agus an tseoltóireacht sa dúchas aige.

His father, Pat, made the trip around the world in the nineties.

Dhein a athair, Pat, an turas timpeall an domhain sna nóchaidí.

It was a journey that took three years.

Turas a thóg trí bliana a bhí ann.

He didn’t do it non-stop, though.

Ní dhearna sé é gan stad, áfach.

He returned to Kilrush in 1996.

D’fhill sé ar Chill Rois i 1996.

Peter will be following part of his father’s course and will also be relying on his maps and pose to steer the yacht.

Is ag leanúint cuid de chúrsa a athar a bheidh Peter agus é ag brath ar a mhapaí agus a sheiseamhán freisin chun an luamh a stiúradh.

It will travel down through the Atlantic to South Africa, across the bottom of the globe and the Pacific Ocean before turning north again at Cape Corn and through the Atlantic home.

Síos tríd an Atlantach go dtí an Afraic Theas a rachaidh sé, trasna íochtar na cruinne agus an Aigéin Chiúin sula gcasfaidh sé ó thuaidh arís i Rinn an Choirn agus tríd an Atlantach abhaile.

Peter said he knows there is a big challenge ahead.

Dúirt Peter go bhfuil a fhios aige go bhfuil dúshlán mór roimhe.

“I’ve been sailing all my life and there’s nothing I like better in the world than being in my boat at sea,” he said.

“Táim ag seoltóireacht mo shaol ar fad agus níl aon ní eile is fearr liom ar domhan ná a bheith i mo bhád ar an bhfarraige”, a dúirt sé.

“I’ve always wanted to sail around the world and when I found out that no other Irishman had ever made that trip – a non – stop journey – I decided to take it.”

“Theastaigh uaim riamh seoladh timpeall an domhain agus nuair a fuaireas amach nach raibh an turas sin – turas gan stad – déanta ag aon Éireannach eile riamh, bheartaigh mé tabhairt faoi.”

Peter estimates the journey will take between eight and ten months.

Measann Peter go dtógfaidh an turas idir ocht agus deich mí.

He has enough food and medicine on board that he could spend a year on board, if the weather doesn’t run out.

Tá a dhóthain bia agus ábhair leighis ar bord aige go bhféadfadh sé bliain a chaitheamh ar bord, mura ritheann an aimsir leis.

It will be a particular challenge for him to spend this long time alone without any company.

Dúshlán ar leith a bheidh ann dó an tréimse fhada seo a chaitheamh ina aonar gan aon chomhluadar.

“I know that will be very difficult but I am a person who is comfortable alone.

“Tá a fhios agam go mbeidh sin an-deacair ach is duine mé atá compordach i m’aonar.

It’s sick to people how I will cope with myself during the journey “, said Peter with a laugh.

Tá sé ag déanamh tinnis do dhaoine conas a réiteoidh mé liom fhéin le linn an aistir”, a dúirt Peter agus é ag gáire.

Peter Lawless will leave Kilrush on his solo tour next weekend.

Fágfaidh Peter Lawless Cill Rois ar a thuras aonair an deireadh seachtaine seo chugainn.

Leave a Reply