20210813_IRISH_’athru_aeraide_domhanda_ina_thionchar_mor_ar_eirinn



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yg8nbm3f

‘Global climate change a major impact on Ireland’.

‘Athrú aeráide domhanda ina thionchar mór ar Éirinn’.

Global climate change is having its own impact on this country according to the newly published report.

Tá an t-athrú aeráide domhanda ag imirt a thionchar féin ar an tír seo de réir na tuarascála nua atá foilsithe.

Strong evidence of this can be seen in the kind of weather we have had for 30 years, the report says.

Tá fianaise láidir dhe sin le feiceáil ó thaobh an chineál aimsire atá againn le 30 bliain a deirtear sa tuarascáil.

The country’s climate is essentially warmer and wetter.

Go bunúsach tá aeráid na tíre níos teo agus níos fliche.

Between 1989-2018, the average annual rainfall was 6% higher, than it was between 1960-90 if the report is true.

Idir 1989-2018, bhí an meán titim báistí go bliantúil 6 faoin gcéad níos airde, ná a bhí idir 1960-90 más fíor don tuarascáil.

The hottest years we have had since the record began, 15 of them have been seen since 1990.

Na blianta is teo dá raibh againn ó cuireadh tús leis an taifead, chonacthas 15 díobh ó 1990.

It is said that there is a 50% increase in the amount of carbon dioxide in the atmosphere compared to the pre-industrial period.

Deirtear go bhfuil 50 faoin gcéad de mhéadú ar an méid dé-ocsaíd charbóin san atmasféar i gcomparáid leis an tréimhse réamhthionsclaíoch.

Sea levels have risen 2-3mm since 1990, and river flows have also strengthened.

Tá leibhéal na farraige ardaithe 2-3mm ó 1990, agus tá láidriú tagtha ar shreabhadh na n-aibhneacha freisin.

Strong rising sea and warmer and fiercer weather since 1990 Drought is also a problem, especially in the east of the country.

An fharraige ag ardú go tréan agus an aimsir níos teo agus níos fíochmhaire ó 1990 Fadhb é an triomach freisin, go háirithe in oirthear na tíre.

This report was produced by the Environmental Protection Agency, Met Éireann and the Marine Institute.

An Áisíneacht Cosanta Timpeallachta,Met Éireann agus an Institiúid Mara a chuir an tuarascáil seo i dtoll a chéile.

Leave a Reply