Podcast: Play in new window | Download (Duration: 3:15 — 765.9KB)
Subscribe: Spotify | Email | RSS | More
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/yhcoh6j3
Two arrested by gardaí in connection with infant death in Limerick.
Beirt gafa ag gardaí maidir le bás naíonáin i Luimneach.
Gardaí have arrested two people in connection with the death of an infant in Limerick earlier this year.
Tá beirt gafa ag na gardaí maidir le bás naíonáin i Luimneach níos túisce i mbliana.
The man in question is a man in his thirties and a woman in his twenties.
Fear sna tríochaidí agus bean sna fichidí atá i gceist.
They are being questioned on suspicion of murder.
Tá siad á gceistiú agus amhras ann go raibh siad freagrach as dúnmharú.
A 4-year-old boy who died as a result of the injury he received at a residence in Rathbane last March.
Buachaill 4 bliana d’aois a bhásaigh de bharr an ghortaithe a fuair sé ag teach cónaithe sa Ráth Bhán i mí Márta seo caite.
The two arrested are being held under Section 4 of the Criminal Justice Act 1984.
Tá an bheirt a gabhadh á gcoinneáil faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984.