20210719_IRISH_1,173_cas_nua;_23_duine_san_aonad_dianchuraim_-_covid_19



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yfbdvavj

1,173 new cases; 23 people in the intensive care unit – Covid 19.

1,173 cás nua; 23 duine san aonad dianchúraim – Covid 19.

The Department of Health has announced that there are 1,173 new Covid 19 cases in this state today.

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 1,173 cás nua Covid 19 sa stát seo inniu.

There are 23 people in the intensive care unit with the disease, one more than yesterday.

Tá 23 duine san aonad dianchúram leis an ngalar, duine amháin sa mbreis i gcomparáid leis an lá inné.

There are 79 people in the hospital with the disease.

Tá 79 duine san ospidéal leis an aicíd.

In an evening statement, Chief Medical Officer Dr Tony Holohan said cases were on the rise in 22 of the country ‘s 26 counties.

I ráiteas tráthnóna, dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dochtúir Tony Holohan, go bhfuil ardú ag teacht ar chásanna i 22 de na 26 contae sa tír.

The majority of new cases involve people who are not fully vaccinated.

Baineann fórmhór na gcásanna nua le daoine nach bhfuil iomlán vacsaínithe.

Today, 50% of new cases announced are in the 19-34 age group.

Inniu, baineann 50 faoin gcéad de na cásanna nua atá fógartha leis an aoisghrúpa 19-34.

He warned people who are not fully vaccinated to be very careful this weekend and follow public health advice; restrict the number of social contacts they have, only meet outsiders, stay two meters away from others, wear masks and avoid international travel.

Chuir sé fainic ar dhaoine nach bhfuil iomlán vacsaínithe a bheith an-chúramach an deireadh seachtaine seo agus comhairle sláinte phoiblí a leanúint; srian a chur ar líon na dteagmhálacha sóisialta atá acu, bualadh le daoine taobh amuigh amháin, fanacht dhá mhéadar uaidh daoine eile, mascanna a chaitheamh agus taisteal idirnáisiúnta a sheachaint.

Leave a Reply