20210628_IRISH_praghsanna_ti_ag_ardu_nios_tapula_taobh_amuigh_de_bac



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ygn2db4n

House prices rising faster outside Dublin.

Praghsanna tí ag ardú níos tapúla taobh amuigh de BÁC.

Nationally requested house prices rose by 13% in the second quarter of the year compared to the same period last year.

Tháinig ardú 13 faoin gcéad ar phraghsanna iarrata do thithe ar bhonn náisiúnta sa dara ceathrún den bhliain i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.

This is reflected in two separate reports from the Daft.ie and Myhome.ie property sites.

Léirítear an méid sin i dhá thuarascáil éagsúla ó shuíomhanna maoine Daft.ie agus Myhome.ie.

Research shows that prices have risen at a much faster rate outside Dublin than in the capital.

Léiríonn an taighde go bhfuil praghsanna imithe in airde ag ráta i bhfad níos tapúla taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath ná mar atá sa phríomhchathair.

He is told that home supply is still constrained.

Deirtear leis go bhfuil an soláthar tí fós srianta.

According to research by Daft.ie, prices have risen by 18% in Munster, 16.1% in Leinster, and 15% in Connacht and Ulster when compared to April-June 2020.

De réir an taighde a rinne Daft.ie, tá ardú 18 faoin gcéad tagtha ar phraghsanna i gCúige Mumhan, 16.1 faoin gcéad i gCúige Laighean, agus 15 faoin gcéad i gCúige Chonnacht agus Uladh nuair a chuirtear na praghsanna i gcomparáid le Aibreán-Meitheamh 2020.

In Dublin, prices were 8.4% higher than in the same period last year.

I mBaile Átha Cliath, bhí praghsanna 8.4 faoin gcéad níos airde ná mar bhí sa tréimhse chéanna anuraidh.

According to research conducted by MyHome.ie, they say that prices in the capital have risen by 10.6% but that prices outside Dublin have risen by 13.6%.

De réir an taighde a rinne MyHome.ie, deir siad go bhfuil ardú 10.6 faoin gcéad tagtha ar phraghsanna san ardchathair ach gur tháinig ardú 13.6 faoin gcéad ar phraghsanna taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Nationally, MyHome.ie reports that home application prices rose by 6.7%, property in Dublin rose by 4% and out-of-Dublin growth by 7.4% in the first three months of 2021 and in the second three months of 2021 as well.

Go náisiúnta deir MyHome.ie gur tháinig ardú 6.7 faoin gcéad ar phraghsanna iarrata do thithe, tháinig ardú 4 faoin gcéad ar mhaoin i mBaile Átha Cliath agus 7.4 faoin gcéad an t-ardú a bhí ar chúrsaí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath sa chéad trí mhí de 2021 agus sa dara trí mhí de 2021 chomh maith.

The average price of a house now nationally is now € 303,000, says MyHome.ie, the average price of a house in Dublin is € 412,000 and the average price of a house outside Dublin is € 250,000.

€303,000 an meánphraghas atá ar theach anois go náisiúnta anois a deir MyHome.ie, €412,000 an meánphraghas ar theach i mBaile Átha Cliath agus €250,000 an meánphraghas ar theach taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath a deir siad.

While demand prices are rising, home supply remains constrained.

Cé go bhfuil praghsanna iarrata ag ardú, tá an soláthar tí fós srianta.

According to Daft.ie, 12,300 properties were for sale in the country on June 1st, a slight increase from March when 11,900 were available.

De réir Daft.ie, 12,300 áitreabh a bhí le ceannach sa tír ar an 1ú Meitheamh, ardú de bheagán ó Mhí an Mhárta nuair a bhí 11,900 ar fáil.

Overall, the number of homes for sale nationally in the country at the beginning of June this year was one – third lower than the same date last year.

Ar an iomlán, bhí líon na dtithe a bhí ar díol go náisiúnta sa tír ag tús Mhí an Mheithimh na bliana seo aon triain níos ísle ná an dáta céanna anuraidh.

Leave a Reply