20210623_IRISH_iascairi_i_mbun_agoide_i_gcalafort_bhaile_atha_cliath



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yjjxbgm5

Fishermen protest in Dublin Port.

Iascairí i mbun agóide i gCalafort Bhaile Átha Cliath.

A fleet of trawlers assembled in Dublin Port this morning as part of the country’s fishermen’s protest against cuts in fish quotas.

Tháinig cabhlach trálaer le chéile i gCalafort Bhaile Átha Cliath leis an maidneachan mar chuid d’agóid iascairí na tíre in aghaidh ciorruithe ar chuótaí éisc.

55 trawlers from Dublin, Cork, Donegal, Galway, Wexford, Louth and Waterford took part in the protest.

55 trálaer as Baile Átha Cliath, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Loch Garmain, Lú agus Port Láirge a bhí páirteach san agóid.

After meeting at the mouth of the harbor, they sailed up the Life as far as Sir John Rogerson’s Quay.

Tar éis dóibh cruinniú ag béal an chalafoirt, sheol siad suas an Life chomh fada le Cé Sir John Rogerson.

Fishermen are deeply dissatisfied with quota cuts, the European Union’s Common Fisheries Policy and the impact of Britain’s exit from the Union on the Irish fishing industry.

Tá na hiascairí thar a bheith míshásata le ciorruithe ar chuótaí, le Comhbheartas Iascaigh an Aontais Eorpach agus leis an gcaoi a bhfuil imeacht na Breataine as an Aontas ag dul i gcion ar thionscal na hiascaireachta in Éirinn.

The fishermen’s campaign is supported by the six main fishing organizations in the country.

Tá na sé phríomheagraíocht iascaireachta sa tír ag tacú le feachtas na n- iascairí.

The economic value of the fishing industry in Ireland is € 1 billion a year by trawler fleet on Sir John Rogerson’s Quay and employs approximately 16,000 people from local communities.

Cabhlach trálaer ar Ché Sir John Rogerson €1 bhilliún sa bhliain an luach eacnamaíochta atá ar an tionscal iascaireachta in Éirinn agus tá thart ar 16,000 duine ó phobail áitiúla fostaithe ann.

However, since Britain left the European Union, the value of the national quota has fallen by 15% and the Government has set up a special task force to tackle such challenges in the industry.

Ó d’imigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach, áfach, thit luach an chuóta náisiúnta 15 faoin gcéad agus bhunaigh an Rialtas tascfhórsa speisialta le dul le i ngleic le dúshláin den sórt seo sa tionscal.

A report published by the task force last week recommended a compensation scheme for whitefish catchers that would allow them to stop fishing between September and December.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh an tascfhórsa an tseachtain seo caite, moladh go gcuirfí scéim chúitimh ar fáil do lucht iasc geal a ligfeadh dóibh éirí as an iascaireacht idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag.

However, the fishermen who arrived at Dublin Port this morning say they are not “looking for alms”.

Deir na hiascairí a tháinig go Calafort Bhaile Átha Cliath ar maidin, áfach, nach “ag lorg déirce” atá siad.

They want more quotas, they say.

Is breis cuótaí atá uathu, a deir siad.

The fishermen will demonstrate in the Guild Street Park, near Sir John Rogerson ‘s Quay, at noon and will subsequently hand over a letter to Taoiseach Micheál Martin at the National Conference Center.

Léirseoidh na hiascairí i bPáirc Shráid na nGildeanna, in aice le Cé Sir John Rogerson, ag meán lae agus tabharfaidh siad litir ar láimh don Taoiseach Micheál Martin san Ionad Náisiúnta Comhdhála ina dhiaidh sin.

Leave a Reply