20210621_IRISH_fear_gafa_faoi_bhas_fir_sna_seascaidi_i_ndeisceart_cho.bac



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yzthbrrr

Man arrested over death of man in sixties in south Co. Dublin.

Fear gafa faoi bhás fir sna seascaidí i ndeisceart Cho.BÁC.

Gardaí have arrested and questioned a man over the death of another man in County Dublin.

Tá fear gafa agus á cheistiú ag gardaí faoi bhás fir eile i gContae Bhaile Átha Cliath.

The man is understood to have been stabbed in a residence in the south of the county last night.

Tuigtear gur sáthadh an fear i dteach cónaithe i ndeisceart an chontae aréir.

A man in his sixties was killed, and the incident happened shortly before midnight in the Fir House area.

Fear sna seascaidí a maraíodh, agus tharla an eachtra go gairid roimh mheánoíche i gceantar Theach na Giúise.

The trapped man was visiting at the time of the victim.

Bhí an fear atá gafa, ar cuairt ag an té a maraíodh, ag an am.

That man, who is in his thirties, can be questioned for 24 hours.

Is féidir an fear sin, atá sna tríochaidí, a cheistiú ar feadh 24 uair a’chloig.

Gardaí say they are not currently looking for anyone else in connection with this incident.

Deir na gardaí nach bhfuil aon duine eile á lorg acu faoi láthair i dtaca leis an eachtra seo.

However, they are urging anyone else who has any knowledge of what has happened to come forward.

Tá siad ag iarraidh áfach ar aon duine eile a mbeadh aon eolas acu i dtaobh ar tharla, a theacht chun cinn.

Leave a Reply