20210620_IRISH_an_tseachtain_is_mo_romhainn_o_thaobh_an_chlair_vacsainithe_de



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yelzg64d

“The biggest week ahead in terms of the vaccination program”.

“An tseachtain is mó romhainn ó thaobh an chláir vacsaínithe de”.

The Taoiseach, Micheál Martin, has said that the coming week is the “biggest week” in terms of the vaccination program.

Tá sé ráite ag an Taoiseach, Micheál Martin, go bhfuil an tseachtain amach romhainn ar an “tseachtain is mó” ó thaobh an chláir vacsaínithe de.

Over the weekend, 66% of the population will have received their first dose and 33% will have been fully vaccinated.

Thar an deireadh seachtaine, beidh a gcéad dáileog faighte ag 66 faoin gcéad den daonra agus beidh vacsaíniú iomlán déanta ar 33 faoin gcéad .

He indicated that 330,000 doses will be given to the public this week and by the end of the week, a total of 3.5 million doses will be given.

Thug sé le fios go dtabharfar 330,000 dáileog don phobal an tseachtain seo agus faoi dheireadh na seachtaine, go mbeidh 3.5 milliún dáileog in iomlán tugtha.

He thanked all those involved in the vaccination program.

Ghabh sé buíochas leo siúd ar fad a bhfuil baint acu leis an gclár vacsaínithe.

Very good progress has been made, he said, in reducing the number of serious cases.

Tá dul chun cinn ana-mhaith déanta, a dúirt sé, ó thaobh líon na gcásanna tromchúiseacha a laghdú.

Only 2% of new cases involve people over 65 years of age.

Ní bhaineann ach 2 faoin gcéad de chásanna nua le daoine os cionn 65 bliain d’aois.

The number of people in the country ‘s intensive care units with the disease has been reduced to 18.

Tá líon na ndaoine in aonaid dianchúraim na tíre leis an ngalar laghdaithe go 18.

Over 200 people were at the peak of the last outbreak in January.

Bhí os cionn 200 duine iontu ag buaicphointe na ráige deireanaí i mí Eanáir.

The Chief Medical Officer, Dr Tony Holohan, is to meet with the northern health authorities today to discuss the spread of the Delta variable from India.

Tá an Príomhoifigeach Leighis, an Dochtúir Tony Holohan, le bualadh leis na húdaráis sláinte ó thuaidh inniu chun plé a dhéanamh ar leathadh an athraithigh Deilte ón Ind.

The Taoiseach said that the implementation of travel restrictions between the North and the Republic to control the spread of this variable is not currently being discussed.

Dúirt an Taoiseach nach bhfuil plé á dhéanamh faoi láthair ar shrianta taistil a thabhairt i bhfeidhm idir an Tuaisceart agus an Phoblacht chun smacht a fháil ar leathadh an athraithigh sin.

But, he said, he will be happy to listen to public health advice and remain informed from today’s meeting.

Ach, a dúirt sé, beidh sé sásta éisteacht le comhairle sláinte poiblí agus go bhfanfadh sé ar eolas ón gcruinniú inniu.

Leave a Reply