20210618_IRISH_edwin_poots_eirithe_as_mar_cheannaire_an_dup



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yzsujf59

Edwin Poots resigns as leader of the DUP.

Edwin Poots éirithe as mar cheannaire an DUP.

Edwin Poots has resigned as leader of the DUP tonight after the majority of party members opposed his decision to nominate a First Minister despite their dissatisfaction with the British Government’s decision to introduce an Irish Language Act in the North.

Tá Edwin Poots éirithe as mar cheannaire an DUP anocht tar éis d’fhormhór fheisirí an pháirtí cur in aghaidh a chinnidh Céad-Aire a ainmniú ainneoin a gcuid míshástachta faoi chinneadh Rialtas na Breataine Acht Gaeilge a thabhairt isteach sa Tuaisceart.

In a statement tonight, Edwin Poots said he had asked the DUP chairman to set up an election process for a new leader.

I ráiteas anocht, dúirt Edwin Poots go raibh iarrtha aige ar chathaoirleach an DUP próiseas toghchánaíochta do cheannaire nua a chur ar bun.

He also confirmed that the DUP had asked him to remain a leader or a successor would be elected.

Dhearbhaigh sé chomh maith gur iarr an DUP air fanacht ina cheannaire nó go dtoghfar comharba.

At a meeting this morning, a majority of DUP assembly and parliamentary members expressed dissatisfaction with the party leader’s approach.

Ag cruinniu ar maidin, chuir formhór fheisirí comhthionóil agus parlaiminte an DUP a míshástacht in iúl faoi chur chuige cheannaire an pháirtí.

It is reported that 24 of the 28 assembly members and seven of the eight parliamentarians voted at the meeting against the proposed Edwin Poots.

Tuairiscítear gur vótáil 24 den 28 feisire comhthionóil agus seachtar den ochtar feisire parlaiminte ag an gcrunniú in aghaidh a raibh beartaithe ag Edwin Poots.

They seem to believe that Edwin Poots – by default anyway – accepted the British Government ‘s decision last night to pass an Irish Language Act in Westminster if it was not passed in Stormont by the end of September.

Dealraíonn sé go gcreideann siad gur ghlac Edwin Poots – trí mhainneachtain ar aon chuma – le cinneadh Rialtas na Breataine a fógraíodh go deireanach aréir Acht Gaeilge a rith i Westminster mura rithfí é i Stormont faoi dheireadh Mheán Fómhair.

According to the act, the Irish language would have official status in the North in future and a wide range of public services would be provided in the language.

De réir an achta, bheadh stádas oifigiúil ag an nGaeilge sa Tuaisceart feasta agus chuirfí raon leathan seirbhísí poiblí ar fáil sa teanga.

While Sinn Féin leader Mary Lou McDonald welcomed the British Government’s decision, she suggested that the DUP might in the meantime make another attempt to veto the Irish Language Act in the meantime.

Cé gur fháiltigh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald roimh chinneadh Rialtas na Breataine, thug sí le fios go mb’fhéidir go ndéanfadh an DUP iarracht eile fós idir dhá linn an tAcht Gaeilge a chrosadh.

Leave a Reply