20210619_IRISH_focloir_mhairtin_ui_chadhain_foilsithe_ag_an_acadamh_rioga



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yduvpo8p

Dictionary by. Published by the Royal Academy.

Foclóir Mháirtín Uí Chadhain foilsithe ag an Acadamh Ríoga.

Máirtín Ó Cadhain is best known to the Irish language community as a short story writer and novelist but from today his work will be available as a dictionary and linguist.

Is fearr aithne ag pobal na Gaeilge ar Mháirtín Ó Cadhain mar ghearrscéalaí agus úrscéalaí ach ón lá inniu amach beidh fáil ar a shaothar mar fhoclóirí agus mar theangeolaí.

The Royal Irish Academy compiled Máirtín Ó Cadhain ‘s Dictionary of half a million words of text – and this is only the first half of the lexicographical work.

Is iad Acadamh Ríoga na hÉireann a chnuasaigh Foclóir Mháirtín Uí Chadhain ina bhfuil leath mhilliún focal de théacs – agus níl sa mhéid seo ach an chéad leath den saothar foclóireachta.

Máirtín Ó Cadhain spent ten years working on this lexicographical work which was made available online today by the Royal Irish Academy.

Deich mbliana a chaith Máirtín Ó Cadhain i mbun oibre ar an saothar foclóireachta seo a chuir Acadamh Ríoga na hÉireann ar fáil ar líne inniu.

The man from An Gúm ‘Ghlaisán Ghlais in Spiddal started the work as part of an Irish – English lexicography project – he sent the first share of words to An Gúm in 1937 and continued until 1946.

Is mar chuid de thogra foclóireachta Gaeilge-Béarla a bhí ag an Ghúm a thosaigh fear an Chnocáin Ghlais sa Spidéál ar an obair – chuir sé an chéad sciar focail chuig an Ghúm i 1937 agus lean sé ar aghaidh go dtí 1946.

Although many of the words he collected have been included in the Irish-English dictionary (edited by Néill Uí Dhónaill) published in 1977, this is the first time since they were collected that the words are available to anyone other than scholars, lexicographers and the staff of the Royal Academy.

Cé gur cuireadh roinnt mhaith de na focail a bhailigh sé isteach san fhoclóir Gaeilge-Béarla (faoi eagarthóireacht Néill Uí Dhónaill) a foilsíodh i 1977, seo é an chéad uair ó bailíodh iad atá na focail ar fáil d’aon duine seachas scoláirí, foclóirithe agus foireann an Acadaimh Ríoga.

The work compiled by Cadhnach contains over 1.1 million words of text but only half of them are being made available by the Academy today under the name Foclóir Mháirtín Uí Chadhain.

Tá breis is 1.1 milliún focal de théacs sa saothar a chuir an Cadhnach le chéile ach níl ach an leath chuid acu á gcur ar fáil ag an Acadamh inniu faoin ainm Foclóir Mháirtín Uí Chadhain.

The Academy will now work on the other half but this in itself is an achievement.

Rachaidh an tAcadamh i mbun oibre ar an leath eile anois ach is éacht an méid seo féin.

Dr. explained.

Mhínigh an Dr.

Charles Dillon, editor of the dictionary project, told Nuacht that Foclóir Uí Chadhain is of paramount importance because it is one of the few Irish – Irish dictionaries we have.

Charles Dillon, eagarthóir an togra foclóireachta, do Nuacht go bhfuil tábhacht as cuimse le Foclóir Uí Chadhain de bhrí go bfhuil sé ar an bheagán foclóirí Gaeilge-Gaeilge atá againn.

“An Irish language dictionary that Máirtín Ó Cadhain devised from the beginning and set out to provide.

“Foclóir Gaeilge Gaeilge a cheap Máirtín Ó Cadhain ón tús agus a chuir sé faoina choinne a chur ar fáil.

It is a valuable source and example for anyone wishing to provide a contemporary Irish-Irish dictionary. “

Foinse agus sampla luachmhar atá ann don té a bheadh ag iarraidh foclóir Gaeilge-Gaeilge comhaimseartha a chur ar fáil.”

But he said that this work challenged the team working on it in that they were used to dealing with bilingual dictionaries in Irish.

Ach dúirt sé go dtug an saothar seo dúshlán don mheitheal a bhí ag obair air sa mhéid go raibh siad cleachtaithe sa Ghaeilge le bheith ag plé le foclóirí dátheangacha.

“The definition of a word is often in English or in Irish, but here is the headword, definition, explanation and examples all in Irish – which is truly exceptional and will be a great help. here. “

“An sainmhíniú a bhíonn ar fhocal go minic, is i mBéarla a bhíonn sé nó i nGaeilge, ach seo anois an ceannfhocal, sainmhíniú, míniú agus samplaí agus iad ar fad i nGaeilge – rud atá fíor eisceachtúil agus rud a bheidh ina chabhair mhór amach anseo.”

However, not all letters of the alphabet are in this dictionary.

Níl litreacha uilig na haibítre san fhoclóir seo, áfach.

Most of what has been published today relates to the letter D.

Baineann an chuid is mó den mhéid a foilsíodh inniu leis an litir D.

Dr Colm Ó Cuaig, from the dictionary team, explained that Máirtín Uí Chadhain’s approach was interesting.

Mhínigh an Dr Colm Ó Cuaig, ó fhoireann an fhoclóra go raibh cur chuige Mháirtín Uí Chadhain suimiúil.

“But he didn’t have time to go through them all,” Colm said, “because the examples he was giving were so large and so long that he would have dealt with it ever since if he had started at the letter A ! ” Máirtín Ó Cadhain was imprisoned in Kildare Curragh and was not released until 1944.

“Ach ní raibh sé d’am aige dhul thríothu uilig,” a dúirt Colm, “mar gheall go raibh na samplaí a bhí sé a thabhairt chomh mór agus chomh fada go mbeadh sé ag plé leis ó shin dá dtosódh sé ag an litir A!” Cuireadh Máirtín Ó Cadhain i ngéibheann i gCurach Chill Dara agus níor scaoileadh saor é go dtí 1944.

But he continued to work on the dictionary until the project was discontinued in 1946.

Ach lean sé air ag obair ar an fhoclóir go dtí gur cuireadh deireadh leis an togra I 1946.

Máirtín Uí Chadhain’s Dictionary is available at https:// focloiruichadhain.ria.ie

Tá fáil ar Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain ag https://focloiruichadhain.ria.ie

Leave a Reply