20210617_IRISH_beirt_dheagoiri_basaithe_i_mbaile_atha_cliath_agus_i_bport_lairge



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yhzcetoa

Two teenagers died in Dublin and Waterford.

Beirt dhéagóirí básaithe i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge.

A fifteen-year-old girl died as a result of an incident at an equestrian center in Dublin yesterday evening.

Bhásaigh cailín cúig bliana déag de bharr eachtra a tharla ag ionad eachaíochta i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné.

Gardaí say it was a tragic incident.

Deir na Gardaí gur eachtra thragóideach a bhí ann.

Tiggy Hancock from Co Carlow was injured during an equestrian exercise at the center in Tea Lane in Rathcoole in the south west of the county at around 2pm yesterday.

Gortaíodh Tiggy Hancock as Co Cheatharlach agus cleachtadh eachaíochta ar bun san ionad i Lána an Tae i Ráth Cuil in iardheisceart an chontae ag thart ar 2 a chlog inné.

She was treated on the spot by the emergency services and taken to Crumlin Children’s Hospital, where she later died.

Chuir na seirbhísí éigeandála cóir leighis uirthi ar an láthair agus tugadh chuig Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn í, mar ar bhásaigh sí níos deireanaí.

The Gardaí are investigating and will provide the coroner with a file in the future.

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí agus cuirfidh siad comhad ar fáil don chróinéir amach anseo.

The incident is also being investigated by the Health and Safety Authority.

Tá an eachtra á fiosrú freisin ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta.

In Co. Waterford, a teenager was killed in an accident that took place in Hacketstown in the Old Community yesterday.

I gCo Phort Láirge, maraíodh ógánach de bharr timpiste a tharla i mBaile an Aicéadaigh sa Seanphobal inné.

A dump vehicle appears to have been involved in the accident.

Is cosúil go raibh baint ag feithicil dumpaireachta leis an tionóisc.

The boy is believed to be of local origin.

Tuigtear de bhunadh na háite an buachaill.

The Gardaí and the Health and Safety Authority are conducting various inquiries.

Tá fiosrúcháin éagsúla ar bun ag na Gardaí agus ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta.

Leave a Reply