20210617_IRISH_acht_gaeilge_le_tabhairt_isteach_o_thuaidh_san_fhomhar



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yfaj5w65

Irish Language Act to be introduced in the north in the autumn.

Acht Gaeilge le tabhairt isteach ó thuaidh san Fhómhar.

It has been confirmed that the British Government will introduce an Irish Language Act in the North if the legislation is not passed in Stormont by the end of September.

Tá sé deimhnithe go dtabharfaidh Rialtas na Breataine Acht Gaeilge isteach sa Tuaisceart mura rithfear an reachtaíocht i Stormont faoi dheireadh Mheán Fómhair.

The British Government announced the decision shortly after midnight last night.

D’fhógair Rialtas na Breataine an cinneadh go gairid tar éis meánoíche aréir.

According to the act, the Irish language will have official status in the North in the future.

De réir an achta, beidh stádas oifigiúil ag an nGaeilge sa Tuaisceart feasta.

A wide range of public services will be provided in Irish, education through Irish will be promoted and bilingual signage will be provided throughout the North.

Cuirfear raon leathan seirbhísí poiblí ar fáil i nGaeilge, cuirfear oideachas trí Ghaeilge chun cinn agus cuirfear comharthaíocht dhátheangach ar fáil ar fud an Tuaiscirt.

It is understood that the appointment of an Irish Language Commissioner, as well as an Ulster-Scots Commissioner, will begin in October.

Tuigtear go gcuirfear tús le Coimisinéir Gaeilge, chomh maith le Coimisinéir Ultaise, a cheapadh i mí Dheireadh Fomhair.

Although the political parties in the North agreed in January last year to introduce an Irish Language Act, the DUP was not willing to accept it afterwards.

Cé gur aontaigh páirtithe polaitíochta an Tuaiscirt i mí Eanáir anuraidh Acht Gaeilge a thabhairt isteach, ní raibh an DUP sásta glacadh leis ina dhiaidh sin.

Sinn Féin leader Mary Lou McDonald said the news announced last night was a great turn for Irish speakers.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur cor iontach é do lucht na Gaeilge an scéala a fógraíodh aréir.

Sinn Féin, she claimed, overcame the DUP’s backlash.

D’éirigh le Sinn Féin, a mhaígh sí, bacóireacht an DUP a shárú.

There was a danger that the Stormont executive would be fired if an agreement was not reached before next Monday.

Bhí an baol ann go scoirfí feidhmeannas Stormont mura dtiocfaí ar chomhaontú roimh Dé Luain seo chugainn.

In light of the new arrangement, Sinn Féin will accept the nomination of Paul Givan of the DUP as First Minister and will re-nominate Michelle O’Neill as Deputy First Minister.

I bhfianaise an tsocraithe nua, glacfaidh Sinn Féin le hainmniúchán Paul Givan ón DUP mar Chéad-Aire agus ainmneoidh siad féin Michelle O’Neill arís mar LeasChéad-Aire.

The nominations are expected to be made later today.

Meastar go ndéanfar na hainmniúcháin níos deireanaí inniu.

Northern Secretary of State Brandon Lewis said he was pleased the two parties had reached an agreement DUP leader Edwin Poots said it was never the party’s business to lay down strict rules on decentralization of power.

Dúirt Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis go raibh sé sásta gur tháinig an dá pháirtí ar chomhaontú Thug ceannaire an DUP Edwin Poots le fios nárbh é gnó an pháirtí sin riamh rialacha dochta daingeana a leagan síos maidir le dílárú na cumhachta.

Health, education and the economy are far more important than the art of political parties, he said.

Tá cúrsaí sláinte, cúrsaí oideachais agus an eacnamíocht i bhfad níos tábhachtaí ná an ealaíon a bhíonn ar bun ag páirtithe polaitíochta, a dúirt sé.

However, Edwin Poosts has not confirmed whether the language legislation will be passed in Stormont or Westminster in the Autumn.

Mar sin féin, níor dheimhnigh Edwin Poosts pé acu i Stormont nó i Westminster a rithfear an reachtaíocht teanga san Fhómhar.

Taoiseach Micheál Martin has welcomed the arrangement.

Tá fáilte curtha ag an Taoiseach Micheál Martin roimh an socrú.

He said that the people of Ireland and Britain are both dependent on the stability of the executive in Stormont and on the grounds established under the Good Friday Agreement.

Dúirt sé go bhfuil muintir na hÉireann agus na Breataine aron ag brath ar sheasmhacht an fheidhmeannais i Stormont agus ar na forais a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Leave a Reply