20210616_IRISH_poist_nua_sna_hearnalacha_failteachais_agus_curaim_bhaile



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yfzwyea2

New jobs in the hospitality and home care sectors.

Poist nua sna hearnálacha fáilteachais agus cúraim bhaile.

Center Parcs is to invest an additional € 85 million in its forest resort in Co. Longford and provide 250 permanent jobs when the work is completed.

Tá lucht Center Parcs le €85 milliún breise a infheistiú ina n-ionad saoire foraoise i gCo an Longfoirt agus 250 post buan a chur ar fáil ann nuair a bheas an obair críochnaithe.

An additional 200 lodges are to be built at the center in Ballymahon and existing facilities will also be extended, the company said.

Tá 200 lóiste breise le tógáil san ionad i mBaile Uí Mhatháin agus cuirfear leis na saoráidí atá ann cheana féin chomh maith, a dúirt an comhlacht.

Another 300 people will be employed on a temporary basis while construction work is underway, it said.

Fostófar 300 duine eile ar bhonn sealadach fad is atá an obair thógála ar bun, a dúradh.

The center already employs about 1,000 people.

Tá thart ar 1,000 duine fostaithe san ionad cheana féin.

The company expects to submit an application for planning permission to Longford County Council by the end of the year.

Tá súil ag an gcomhlacht iarrartas ar chead pleanála a chur faoi bhráid Chomhairle Chontae an Longfoirt faoi dheireadh na bliana.

It was also announced today that Monaghan-based home care company Irish HomeCare is to provide 750 new jobs over the next eighteen months.

Fógraíodh inniu freisin go bhfuil an comhlacht cúraim bhaile Irish HomeCare, atá bunaithe i Muineachán, le 750 post nua a chur ar fáil as seo go ceann ocht mí dhéag.

The company is in dire need of carers, it was said, but there are also vacancies for nurses, managers and administrators.

Cúramóirí is mó atá ag teastáil ón gcomhlacht, a dúradh, ach tá folúntais ann chomh maith d’altraí, do bhainisteoirí agus do riarthóirí.

The company already employs 750 people.

Tá 750 duine fostaithe ag an gcomhlacht cheana féin.

Leave a Reply