20210530_IRISH_alltacht_ar_an_bpriomhoifigeach_leighis_faoin_slua_i_mbac_areir



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ydpmpwfo

The chief medical officer was stunned by the crowd in BAC last night.

Alltacht ar an bpríomhoifigeach leighis faoin slua i mBAC aréir.

The chief medical officer, Dr. Tony Holohan, said he was shocked to see so many people in Dublin city center last night.

Thug an príomhoifigeach leighis, an Dr.Tony Holohan le fios gur chuir sé alltacht air an oiread sin de chruinniú daoine a fheiceáil i lár chathair Bhaile Átha Cliath tráthnóna aréir.

In a tweet he published, he said that such a sight was the last thing the country wanted, given the progress that had been made against the spread of the virus.

I tvuít a d’fhoilsigh sé, dúirt sé gur radharc dá léithid seo an rud deiridh a bhí ón tír, i bhfianaise an dul chun cinn a bhí déanta i gcoinne leathadh an víris.

‘Huge outdoor party- too many present’ said Dr.Holohan.

‘Cóisir ollmhór faoin aer- i bhfad an iomarca i láthair’ a dúirt an Dr.Holohan.

Dr. Holohan is disgusted by what he saw last night in the center of the capital Accordingly, the health authorities have again petitioned the public to adhere strictly to the guidelines for preventing the spread of the virus.

Déistean ar an Dr.Holohan faoina bhfaca sé aréir i lár na príomhchathrach Dá réir, tá achainí eile déanta ag na húdaráis sláinte ar an bpobal cloí go docht i gcónaí leis na treoirlínte i dtaca le leathadh an víris a chosc.

The Chief Executive of the Health Service Executive (HSE), Paul Reid, acknowledged that both young and old had made sacrifices, but that there was always the danger that this virus would get the best of us.

D’admhaigh Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE),Paul Reid go raibh íobairtí déanta ag óg agus aosta, ach go raibh an chontúirt ann i gcónaí go bhfaigheadh an víreas seo an ceann is fearr orainn.

The fine weather has been pulling more people out in public places for a few days, increasing the risk of the virus spreading.

Tá an aimsir bhreá ag tarraingt níos mó daoine amach in áiteanna poiblí le cúpla lá, ag cur leis an mbaol go scaipfear an víreas.

Yesterday, the Taoiseach called on the public to be careful and to prevent the spread of the virus in the coming month.

Arú inné, d’iarr an Taoiseach ar an bpobal a bheith cúramach agus gur dhúshlán mór don phobal an mhí a bhí romhainn,má bhíothas le scaipeadh an víris a chosc.

Doctors operating in the public health system say the Indian variant they think will be the strongest in the country, if cases of coronary virus infection remain high.

Deir dochtúirí atá ag feidhmiú sa chóras sláinte phoiblí gurb é an t-athraitheach Indiach is dóigh leo is láidre a bheas sa tír,má fhanann cásanna de tholgadh an choróinvíris fós ard.

Less than 100 cases have been found here so far, but there are concerns that this could increase significantly.

Tá níos lú ná 100 cás aimsithe anseo go dtí seo, ach tá imní ann go bhféadfadh sin méadú go suntasach.

A study in France has shown that the Pfizer vaccine is not as powerful against this type of outbreak of the virus, although there is still some protection.

Léirigh staidéar atá déanta sa Fhrainc nach bhfuil an vacsaín Pfizer chomh cumhachtach i gcoinne an chineál seo ráige den víreas,cé go bhfuil cosaint áirithe ann i gcónaí.

Leave a Reply