20210530_IRISH_conaidhm_bialanna_le_dushlan_reachtaiochta_a_thabhairt



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yz6j8l7d

Restaurant Federation to challenge legislation.

Cónaidhm Bialanna le dúshlán reachtaíochta a thabhairt.

The Irish Restaurant Federation is subject to legal action against legislation that will allow hotels to provide meals to their customers within 5 weeks of such being allowed for restaurants.

Tá Cónaidhm Bialanna na hÉireann faoi réir le caingean dlí a thabhairt in aghaidh na reachtaíochta a cheadóidh d’óstáin béilí a thabhairt dá gcustaiméirí laistigh, 5 seachtainí sula gceadófar a léithid sin do bhialanna.

Adrian Cummins, the federation ‘s chief executive, made this known on the RTÉ radio program’ Saturday with Katie Hannon ‘.

Adrian Cummins,príomhfheidhmeannach na cónaidhme a thug an méid sin le fios ar an gclár raidió le RTÉ ‘Saturday with Katie Hannon’.

He said this legislation would split the hospitality industry in two, and was ‘oppressive and unfair’.

Dúirt sé go scoiltfeadh an reachtaíocht seo tionscail an fháilteachais ina dhá leath, agus go raibh sé ‘leatromach agus éagórach’.

Under this new legislation, hotels will be allowed to serve meals on June 2, but restaurants must wait until July 7.

Faoin reachtaíocht nua seo, ceadófar d’óstáin béilí a chur ar fáil ar an 2 Meitheamh, ach caithfidh bialanna fanacht go dtí an 7 Iúil.

‘During the Summer season, every day is important in the restaurant industry’ said Adrian Cummins.

‘I rith shéasúr an tSamhraidh, tá chuile lá tábhachtach i dtionscail na bialainne’ a dúirt Adrian Cummins.

He also mentioned on the program that pandemic payments must be kept in place for business people until next year, ‘not ending in September’.

Luaigh sé freisin ar an gclár go gcaithfear na híocaíochtaí paindéime a choinneáil sa tsiúl do lucht gnó go dtí an bhliain seo chugainn, ‘gan a bheith ag cur deireadh leo i Meán Fómhair’.

Leave a Reply