20210528_IRISH_costas_os_cionn_€100m_a_lua_le_hionsai_haiceala



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ygzpc2or

Hacking attack costs over € 100m.

Costas os cionn €100m á lua le hionsaí haiceála.

The hacking attack on the Health Service Executive’s computer systems could cost the organization over € 100 million, it said today.

Is féidir go gcosnóidh an t-ionsaí haiceála ar ríomhchórais Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte os cionn €100 milliún ar an eagraíocht, a dúradh inniu.

Executive leader Paul Reid said this was a conservative estimate.

Thug ceannasaí na Feidhmeannachta Paul Reid le fios gur meastachán caomhach é seo.

He said there will be two types of costs, ranging from repairing services to repairing damage.

Dúirt sé go mbeidh dhá chineál costais ann, idir an méid a chaithfear ar sheirbhísí a chur ina gceart arís agus an méid damáiste atá déanta a réiteach.

The Executive wants to make an independent and objective assessment of the cyber attack so that the organization can make sense, Paul Reid said.

Tá an Fheidhmeannacht ag iarraidh measúnú neamhspleách agus oibiachtúil a dhéanamh ar an gcibearíonsaí ionas go mbeidh ciall cheannaithe ag an eagraíocht, a dúirt Paul Reid.

He also indicated that the Executive will receive a future report from the international organizations currently assisting them.

Thug sé le fios freisin go bhfaighidh an Fheidhmeannacht tuarascáil amach anseo ó na heagraíochtaí idirnáisiúnta atá ag cuidiú leo faoi láthair.

Another senior manager in the organization Anne O’Connor said things will not be put right for some time yet.

Dúirt bainisteoir sinsearach eile san eagraíocht Anne O’Connor nach gcuirfear rudaí ina gceart go ceann tamaill eile fós.

The email system cannot be used, she said, and this is above all creating major difficulties.

Níltear in ann feidhm a bhaint as an gcóras ríomhphoist, a dúirt sí, agus tá sé seo thar aon ní eile ag cruthú deacrachtaí móra.

Leave a Reply