20210527_IRISH_cead_ag_seisear_sui_ag_bord_taobh_amuigh_on_7_meitheamh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ygaqworl

Six are allowed to sit at an outside table from June 7th.

Cead ag seisear suí ag bord taobh amuigh ón 7 Meitheamh.

Up to six people will be allowed to sit at an outdoor table when restaurants, cafes and pubs reopen next month, in line with Covid-19 guidelines issued by Fáilte Ireland today.

Beidh cead ag suas le seisear suí ag bord taobh amuigh nuair a osclós bialanna, caifí agus tithe tábhairne arís an mhí seo chugainn, de réir treoirlínte Covid- 19 a d’éisigh Fáilte Éireann inniu.

After that, if there are children under the age of twelve in the community, up to fifteen people will be allowed at the same table.

Ina dhiaidh sin, má tá leanaí faoi bhun dhá bhliain déag i measc an chomhluadair, ceadófar suas le cúig dhuine dhéag ag an mbord céanna.

It was also stated that boards must be kept at least a meter apart.

Dúradh freisin go gcaithfear boird a choinneáil méadar ar a laghad óna chéile.

Restaurants, cafes and pubs will be allowed to provide an outside service from 7 June.

Beidh cead ag bialanna, caifí agus tithe tábhairne seirbhís taobh amuigh a chur ar fáil ón 7 Meitheamh.

Masks must be worn by staff and customers when moving from place to place, and good ventilation must be ensured in those areas.

Ní mór don fhoireann agus do chustaiméirí maisc a chaitheamh agus iad ag bogadh ó áit go háit, agus caithfear a chinntiú go bhfuil aeráil mhaith sna háiteanna sin.

Bands will not be allowed to play in them and any other type of music must be low.

Ní bheidh cead ag bannaí ceoil seinm iontu agus caithfidh aon chineál eile ceoil a bheith íseal.

From June 2, hotels and other guest houses will be allowed to reopen and provide food and beverage service to their guests, but parties will not be allowed.

Ón 2 Meitheamh, beidh cead ag óstáin agus tithe eile lóistín oscailt arís agus seirbhís bia agus deochanna a chur ar fáil dá gcuid aíonna, ach ní bheidh cead cóisirí a eagrú.

Leave a Reply