20210525_IRISH_alltacht_leirithe_go_hidirnaisiunta_faoi_ghniomh_na_bealaruise



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yh3ajs96

Internationally expressed outrage about Belarusian action.

Alltacht léirithe go hidirnáisiúnta faoi ghníomh na Bealarúise.

The head of the European Union’s foreign policy, Joseph Borrell, called for an international inquiry into the way a Ryanair plane was forced to land in Belarus yesterday.

D’iarr ceannasaí pholasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh, Joseph Borrell, go ndeanfaí fiosrúchán idirnáisiúnta faoin mbealach ar cuireadh iachall ar eitleán le Ryanair tuirlingt sa Bhealarúis inné.

The situation is to be discussed at a meeting of European Union leaders in Brussels today.

Tá an scéal le plé ag cruinniú de cheannairí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséal inniu.

The Taoiseach, Micheál Martin, told RTÉ radio program ‘Today with Claire Byrne’ that everything that happened yesterday was ‘a state-sponsored coercive act’ and ‘unacceptable’.

Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin ar an gclár raidió de chuid RTÉ ‘Today with Claire Byrne’ gur ‘ghníomh comhéigneach státurraithe’ a bhí i ngach ar tharla inné ‘agus ‘nach bhféadfaí glacadh leis’.

Taoiseach Micheál Martin critical of Belarusian authorities Belarusian authorities say they have acted lawfully in this regard, and that Western countries are criticizing on political grounds.

An Taoiseach Micheál Martin cáinteach faoi údaráis na Bealarúise Deir údaráis na Bealarúise gur ghníomhaigh siad go dleathach ina leith seo, agus gur ar bhunús polaitiúil atá tíortha an Iarthair i mbun cáinte.

However, the Taoiseach said that this was ‘nonsense’ and that Belarus should not be ‘hiding behind excuses’.

Dúirt an Taoiseach áfach nach raibh ansin ach ‘seafóid’ agus nár cheart don Bhealarúis a bheith ‘ag dul i bhfolach taobh thiar de leithscéalta’.

The plane was on its way from Greece to Lithuania when the pilot was ordered to land at an airport in Minsk in Belarus, so that the authorities of that country could catch a journalist who was on the flight.

Bhí an t-eitleán ar a bhealach ón Ghréig go dtí an Liotuáin nuair a hordaíodh don phíolóta tuirlingt ag aerfort i Minsk sa Bhealarúis, ionas go bhféadfadh údaráis na tíre sin iriseoir a bhí ar an eitilt a ghabháil.

The pilot was told there was a bomb on the plane.

Dúradh leis an bpíolóta go raibh buama ar an eitleán.

The journalist in question, Roman Protasevich, has a reputation for being critical of the way Belarus is currently governed by President Alexander Lukashenko.

Tá sé de cháil ar an iriseoir atá i gceist, Roman Protasevich, a bheith cáinteach faoin mbealach a bhfuil an Bhealarúis á rialú faoi láthair ag an Uachtarán Alexander Lukashenko.

Roman Protasevich, who has spoken out strongly against Lukashenko Plagiarism with the support of the state called this incident by the Minister of Foreign Affairs, Simon Coveney.

Roman Protasevich, a bhfuil labhartha amach go láidir aige i gcoinne Lukashenko Bradaíl le tacaíocht an stáit a thug an tAire Gnothaí Eachtracha,Simon Coveney ar an eachtra seo.

MEP Sean Kelly has called the incident an act of war.

Tá sé ráite ag an bhfeisire Eorpach,Sean Kelly gur gníomh cogaidh a bhí san eachtra.

This afternoon, the President of the European Commission, Urusla von der Leyen, said that Roman Protasevich must be released.

Tráthnóna inniu, dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Urusla von der Leyen, go gcaithfí Roman Protasevich a scaoileadh saor.

Leave a Reply