20210524_IRISH_’coinniolacha_maireachtala_uafasach_ar_laithrean_stad



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yfx56lch

‘Terrible living conditions on a halting site’.

‘Coinníolacha maireachtála uafásach ar láithreán stad’.

One local authority in the State has been sharply criticized by the Office of the Ombudsman for Children in light of the ‘terrible’ living conditions brought to light by travelers.

Tá údarás áitiúil amháin sa Stát cáinte go géar ag Oifig Ombudsman na Leanaí i bhfianaise na coinníolacha maireachtála ‘uafásacha’ atá tugtha chun solais i láthair de chuid an lucht siúil.

Children are said to be suffering greatly from the ‘poor condition’ of the site, which is under the auspices of the authority.

Deirtear go bhfuil leanaí thíos go mór leis an ‘drochbhail’ atá ar an láthair, atá faoi choimirce an údaráis.

The authority cannot be designated in order to protect the identity of the children.

Ní féidir an t- údarás a ainmniú ar mhaithe le haitheantas na bpáistí a chosaint.

However, the report shows that the number of skin and lung problems of children living on site is at a much higher level than that of children in the general population.

Léirítear sa tuarascáil áfach go bhfuil líon na bhfadhbanna i dtaca le craiceann agus scamhóga na leanaí atá ina gcónaí ar an láthair ar leibhéal i bhfad níos airde ná an leibhéal i measc leanaí sa ghnáth phobal.

A total of 66 children are involved.

66 leanbh ar fad atá i gceist.

This horror came to light when a group, representing the travelers, approached the Ombudsman for Children.

Tháinig an t-uafás seo chun solais nuair a chuaigh grúpa, a dhéanannn ionadaíocht ar an lucht siúil, i dteagmháil le Ombudman na Leanaí.

The site has been in operation since 1989.

Tá an láthair ar an bhfód ó 1989.

The complaints relate to a plague of rats, overcrowding, a high rate of illness among children, a severe lack of safe play facilities, and poor standards of cleanliness.

Baineann na gearáin le plá francaigh,ró-phlódú, ráta ard tinnis i measc pháistí, easpa mór áiseanna spraoi sábháilte, agus droch-chaighdeáin glaineachta.

The lack of progress on housing applications was also mentioned.

Luadh freisin a laghad dul chun cinn atá déanta ar iarratais tithíochta.

The authority in question says it is about tackling these problems and improving living conditions on the spot.

Deir an t-údarás atá i gceist, go bhfuil faoi dul i ngleic leis na fadhbanna seo agus coinníolacha maireachtála ar an láthair a fheabhsú.

He also says he will look again at the applications from travelers for housing.

Deir sé freisin go mbreathnóidh sé arís ar na hiarratais ón lucht siúil i dtaca le tithíocht.

Leave a Reply