20210428_IRISH_iar-chomhairleoir_sinn_fein_cuisithe_i_ndunmharu_in_ostan_regency



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yk5kk87s

Former Sinn Féin councilor charged with murder in Regency hotel.

Iar-chomhairleoir Sinn Féin cúisithe i ndúnmharú in óstán Regency.

Jonathan Dowdall, a former Sinn Féin councilor, was arrested and charged with the murder of David Byrne at the Regency hotel in Drumcondra, Dublin, 5 years ago.

Gabhadh agus cúisíodh Jonathan Dowdall, iar-chomhairleoir de chuid Sinn Féin, i ndúnmharú David Byrne in óstán an Regency i nDroim Chonrach, Baile Átha Cliath, 5 bliana ó shin.

Dowdall, 43, who has an address on Navan Road, Dublin, was brought before Judge Tony Hunt in the Special Criminal Court this morning and charged with the murder of David Byrne after he was issued with an arrest warrant. Last Friday.

Tugadh Dowdall, atá 43 bliana d’aois agus a bhfuil seoladh aige ar Bhóthar na hUaimhe, Baile Átha Cliath, os comhair an Breitheamh Tony Hunt, sa Chúirt Choiriúil Speisialta ar maidin agus cúisíodh i ndúnmharú David Byrne é i ndiaidh gur eisíodh barrántas gabhála dó Dé hAoine seo caite.

David Byrne murdered at a boxing match at the Regency hotel in 2016 Dowdall is the fourth person to be charged in the past week for Byrne’s murder.

David Byrne a dúnmaraíodh ag ócáid meá dornálaíochta in óstán an Regency i 2016 Sé Dowdall an ceathrú duine le bheith cúisithe le seachtain anuas maidir le dúnmharú Byrne.

The killing is said to have intensified the confrontation between the Hutch and Kinihan crime gangs.

Maítear gur threisigh an marú an tachrann idir na buíonta coiriúlachta Hutch agus Kinihan.

Byrne, 34, a member of the Kinihan gang, was killed at a boxing match at the Regency hotel on February 5, 2016.

Maraíodh Byrne, a bhí 34 agus arbh ball de bhuíonn Kinihan é, ag ócáid meá dornálaíochta in óstán an Regency ar an 5ú feabhra 2016.

The killing of Byrne sparked a revenge kill between the Kinihan and Hutch gangs and is estimated to have at least 18 murders since.

Chuir marú Byrne tús le marú díoltais idir na buíonta Kinihan agus Hutch agus meastar go bhfuil 18 ar a laghad, dúnmharuithe ó shin.

Jonathan Dowdall is currently told in court that Arbor Hill is currently in prison and wants to stay there.

Dúradh sa chúirt go bhfuil Jonathan Dowdall i bpriosún Chnoc an Abhrair faoi láthair agus gur mhaith leis fanacht ansan.

Judge Hunt said that was a matter for the prison service.

Dúirt an Breitheamh Hunt, gur ceist don tseirbhís priosúnachta í sin.

He remanded Dowdall’s detention until June 14, when the other three arrested this week will appear in court again.

Chuir sé Dowdall siar faoi choinneáil go dtí’n 14ú Meitheamh, tráth go mbeidh an triúr eile a gabhadh an tseachtain seo os comhair na cúirte arís.

Leave a Reply