20210428_IRISH_samhradh_amuigh_faoin_aer….ceard_faoi_aiseanna?



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yhccqcsy

“Summer outdoors” …. what about facilities ?.

“Samhradh amuigh faoin aer”….céard faoi áiseanna?.

The government wants us to spend the summer outdoors.

Tá an rialtas ag iarraidh go gcaithfidh muid an samhradh amuigh faoin aer.

There will be an emphasis on outdoor sports in the coming months and people meeting outdoors.

Cuirfear béim ar spórt taobh amuigh sna míonna amach romhainn agus ar dhaoine ag bualadh lena chéile amuigh faoin aer.

But many people have a question: where do they go to the toilet after drinking a few pints?

Ach tá ceist ag go leor daoine: cá rachaidh siad ag an leithreas tar éis dóibh cúpla pionta a ól?

At present, pubs are allowed to sell takeaways.

Faoi láthair, tá cead ag tithe tábhairne deochanna le beir leat a dhíol.

But they are not allowed to drink on the business premises.

Ach ní cheadaítear iad a ól ar láthair an ghnó.

The Robert Emmet Athletic Association, in Perrytown, Dublin, says that there has been a lot of litter in their playing field recently as a result.

Deir Cumann Lúthchleas Gael Robert Emmet, i mBaile Pheire i mBaile Átha Cliath, go bhfuil i bhfad níos mó bruscair ina bpáirc imeartha le déanaí dá bharr.

They say there is also an urgent need for more bins and public toilets.

Deir siad go bhfuil géarghá le níos mó boscaí bruscair agus le leithris phoiblí freisin.

“The kids are back training now,” says Aisling Kerins, a member of the club.

“Tá na leanaí ar ais ag traenáil anois”, a deir Aisling Kerins, ball den chlub.

“We are constantly cleaning the pitch.

“Bíonn muid ag glanadh na páirce de shíor.

Appropriate facilities must be provided. “

Caithfear na háiseanna cuí a chur ar fáil.”

But Independent Councilor Liam Sinclair, who is on South Dublin County Council, says there are problems with managing public toilets.

Ach deir an Comhairleoir Neamhspleách Liam Sinclair, atá ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, go mbíonn fadhbanna i gceist le leithris phoiblí a bhainistiú.

“They have to be paid for,” he said, “and we can’t afford it.

“Caithfear íoc astu”, a dúirt sé, “agus níl sé d’acmhainn againn.

Also, they need to be cleaned and supervised.

Chomh maith leis sin, caithfear iad a ghlanadh agus maoirseoireacht a dhéanamh orthu.

People often abuse them, take drugs in them and such. “

Bíonn daoine ag baint mí-úsáide astu go minic, ag glacadh drugaí iontu agus a leithéid de rud.”

Dublin City Council told us today that it does not currently intend to provide more late night public toilets in parks and so on.

Dúirt Comhairle Cathrach Átha Cliath linn inniu nach bhfuil sé i gceist acu i láthair na huaire breis leithreas poiblí a bhíonn ar oscailt go déanach san oíche a chur ar fáil i bpáirceanna agus araile.

They said in a statement, “This would run counter to the restrictions currently in place as people are not allowed to meet in crowds.

Dúirt siad i ráiteas, “bheadh sé sin ag teacht salach ar na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair mar tá cosc ar dhaoine ag bualadh lena chéile i sluaite.

It is also illegal, in any case, to be intoxicated in public. “

Chomh maith leis sin, tá sé mídhleathach, ar aon nós, a bheith ar meisce amuigh go poiblí.”

Councils are gradually opening public toilets, for example in libraries and other public buildings.

Tá na comhairlí ag oscailt leithreas poiblí de réir a chéile, mar shampla i leabharlanna agus i bhfoirgnimh phoiblí eile.

But they close soon.

Ach dúnann siad go luath.

The Councils say that when the government announces their plan, clarification will be needed: where pubs and restaurants are allowed to serve people on the street outside at tables, will customers be allowed the toilets of those businesses to use?

Deir na Comhairlí gur, nuair a fhógróidh an rialtas a bplean, go mbeidh gá le soiléiriú: sa gcás go mbeidh cead ag tithe tábhairne agus ag bialanna freastal ar dhaoine ar an tsráid taobh amuigh ag boird, an mbeidh cead ag custaiméirí leithris na ngnónna sin a úsáid?

“We need to be clear about this,” Liam Sinclair said, “where customers are not allowed to use the businesses’ toilets, it will not be up to the councils alone to provide facilities.

“Caithfidh muid a bheith soiléir faoi seo”, a dúirt Liam Sinclair, “sa gcás nach mbeidh cead ag custaiméirí leithris na ngnónna a úsáid, ní faoi na comhairlí amháin a bheas sé áiseanna a chur ar fáil.

The government, the councils and the pubs association will have to agree on a strategy. “

Beidh ar an rialtas, ar na comhairlí agus ar chumann na dtábhairneoirí stráitéis a aontú.”

Leave a Reply